skip to main content

Albam na seachtaine: Never Say Goodbye, Say Good Luck

Gach seachtain, ar An Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roghnaíonn Dónall Mac Ruairí albam speisialta dá lucht éisteachta. An tseachtain seo, 'sé albam nua Caroline Keane & Tom Delany, Never Say Goodbye, Say Good Luck roghnaithe aige. 

Bronnfaidh Dónall cóip an lae ón Luan go Déardaoin ar a chlár raidió óna 3 go dtí'na 5.

"This duo combine the effortless exuberance of youth with the precision and depth of mature performers. The album is a delight from start to finish. Very danceable tunes, reflecting the bubbly and engaging personalities of Caroline and Tom." - Gerry O’Connor

Tagann teidil an albam ó sheanfhocal seanmháthair Caroline, bean a raibh an-suim aici in amhránaíocht agus ceol traidisiúnta. Bhí tionchar mór aici ar suim Caroline sa cheol le linn a hóige. 

Tá Caroline agus Tom ag casadh leis an ngrúpa FourWinds ó 2013. Tá FourWinds aithne ar fud an domhain ó thaobh a gceol bríomhar agus tá an fuinneamh chéanna le chloisint sa cheirnín nua seo chomh maith. Tar éis na blianta anuas ag maireachtáil i bpobail ina bhfuil ceol traidisiúnta ag croílár an phobail, meabhraíonn an ceirnín seo saibhreas álainn ceol chontae an Chláir, Luimnigh agus Corca Dhuibhne.

Craoltar An Chóisir Cheoil ar idir 3 agus 5 ón Luan go Déardaoin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.