Gach seachtain, roghnaíonn Dónall Mac Ruairí albam na seachtaine dá éisteoirí ar An Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

An tseachtain seo, tá Sonda le Richard Neylon ag barr an liosta aige. Is píobaire é Neylon atá lonnaithe i nGaillimh agus tá gradaim go leor bainte amach aige i réimse an cheoil.

Is féidir leat cóip den albam Sonda a cheannach anseo

Craoltar An Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 15:00 - 17:00 Luan - Déardaoin