skip to main content

Súil Siar ar 2017 le Helen Ní Shé

Féachann láithreoir an chláir, An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an mbliain mar a bhí agus an bhliain amach romhainn. 

Dá mbeifeá le 3 fhocal a roghnú le cur síos a dhéanamh ar 2017, cad a roghnófá?

-Sciobadh Danny uainn.

Danny Sheehy, a cailleadh le linn na bliana

Clúdaíonn An Saol Ó Dheas ábhar an-leathan, an bhfuil mír ar bith a sheasann amach duitse?

-an clár speisialta le Conchubhar O Luasa,a mhuintir agus a  chairde i mBaile  Bhúirne agus Corn Sheáin Uí Riada buaite aige. Níl aon teora le pobal ag teacht le chéile ag ceilliúradh nósanna agus an traidisiún san á sheoladh ó ghlúin go glúin.

We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Deirtear go bhfuil draíocht ag muintir Dhuibhneach, cad as a dtagann an draíocht sin, an dóigh leat?

Tagann ana chuid don draíocht amach as Loch Chráilí mar a bhfuil ollphiast agus corcán ar a cheann.Mar a mbeadh an corcán san a chuir Naomh Eirc air,bheimíst ithe fadó aige!

Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis ó 2018?

-an sult agus an sásamh céanna a bhaint as an saol.

Craoltar An Saol Ó Dheas ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00.