skip to main content

Albam na Seachtaine: Muireann Nic Amhlaoibh, Foxglove & Fuschia

"Ar cheann de na glórtha is nádúrtha agus is sainiúla, ní hamháin i ndomhan an cheoil thraidisiúnta, ach áit ar bith." – The Irish Times 

Gach seachtain, ar a chlár, An Chóisir Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roghnaíonn Dónall Mac Ruairí albam speisialta dá lucht éisteachta.

Is é albam nua Mhuireann Nic Amhlaoibh, Foxglove & Fuschia atá piocaithe amach aige, amhránaí a bhfuil "áilleacht osnádúrtha ag baint lena glór", dar le Dónal Lunny. 

Is as Corca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí do Mhuireann agus chaith sí seal fada mar phríomhamhránaí leis an ngrúpa Danú. Tá sí i dtús cadhnaíochta in ealaín an tsean-nóis agus is iomaí gradam atá bainte amach aici dá réir. Tá stór amhrán an-leathan aici, idir amhráin sean-nóis, amhráin tíre de gach sórt agus amhráin chomhaimseartha. Tógadh i nGaeltacht an Daingin i gCo. Chiarraí í agus bhí sí tumtha go hiomlán sa tírdhreach saibhir cultúrtha sin, rud a d’imir tionchar thar cuimse ar a glór sainiúil amhránaíochta agus go deimhin ar a stíl ceoil.

Is féidir leat cóip dá halbam a cheannach anseo.

Craoltar An Chóisir Cheoil Luan go Déardaoin idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.