Gach seachtain, ar an gCóisir Cheoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta, roghnaíonn Dónall Mac Ruairí albam na seachtaine dá éisteoirí dílse. An tseachtain seo, tá albam úr Ulaid agus Duke Special A Note Let Go curtha ar ár súile aige..
Eisíodh an t-albam ar an 4 Nollaig agus meascann sé glór aitheanta Duke Special le tionlacan traidisiúnta Ulaid.
Dónal O'Connor, Seán Óg Graham agus John Mc Sherry a dhéanann suas an grúpa Ulaid. ‘An effortless fusion both musically and stylistically’ a thug an Irish Times ar an ngrúpa atá lonnaithe i gcontae Aontroma agus taithí na mblianta acu ar fad ar an gceol.
Is féidir leat cóip den albam A Note Let Go a cheannach anseo.
Cuireann Dónall Mac Ruairí An Chóisir Cheoil i láthair ón Luan- Déardaoin idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.