Labhair Diarmuid Lyng le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil beartaithe ag pobal an CLG le hairgead a bhailiú do dhaoine gan dídean.

Tá Gaelic Voice for Change tagtha le chéile le 'athruithe bunúsacha a chur i bhfeidhm sa tír seo' agus ar cheann de na rudaí atá ar siúl acu, tá siad ag díriú orthu siúd gan dídean. Dúirt Diarmuid Lyng go n-aithnítear luach na hoibre a dhéanann sé leis an gCumann Luthchleas Gael sa sochaí, ach nach bhfuil sé dall ar na dúshláin eile atá sa phobal, mar shampla an líon daoine atá gan dídean sa tír. 

"Tá fadhbanna eile ag dul ar aghaidh sa tír agus ní dóigh liom gur féidir linn féachaint orthu agus a rá, bhuel, tá ár saol agus tá an domhan anseo breá compordach agus ní chaithfidh muid a bheith bainteach leo."

Deir Diarmuid go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh imreoirí an CLG le chéile le dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tír, mar go bhfuil 'guth acu' agus go bhfuil deis acu an guth sin a úsáid chun leas an tsochaí. Luann sé go bhfuil nós ag na himreoirí maireachtáil in 'bubble' agus go ndéanann obair phobail maitheas dóibh.

Leis an tiomantas a theastaíonn anois ó imreoirí idirchontae maidir le bia agus traenáil deir sé nach bhfaigheann siad mórán de dheis 'féachaint timpeall orthu'. Cothaíonn sé seo fadhbanna nuair a éiríonn na himreoirí seo as mar 'nach bhfuil aon aithne acu orthu féin'.

Diarmuid Lyng a labhair le Helen Ní Shé faoi Gaelic Voices for Change

Tá sé i gceist ag an ngrúpa oíche a chaitheamh amuigh faoin spéir ar an 16 Nollaig le haird a tharraingt ar an bhfulaingt atá á aireachtáil ag na daoine seo agus le hairgead a thiomsú do charthanachtaí éagsúla.

"Tá muid ag iarraidh seasamh suas le chéile agus a rá, nach bhfuil sé seo maith a dhóthain dúinn mar Éireannaigh"

Is féidir tuilleadh eolais faoin ngrúpa a aimsiú anseo

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08- 1.00 ón Luan go hAoine.