Corcaíoch is ea Eoin Warner a chur an tsraith teilifíse a bhain Clár na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Éire Fhiáin i láthair níos luaithe i mbliana. Labhair sé le Pádraig Ó Sé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina thaithí leis an teanga ó dhéagóir drogallach go dtí cainteoir líofa le grá don teanga.
"Bhí an ghráin dearg agam ar an nGaeilge, níor thuigeas cén fáth a raibheamar á foghlaim in aon chor agus ansin chuir mo Mham mé chuig an dúiche sé mé nuair a bhíos luath sna déaga, bhí sí ag súil go bhfaighfinn an Ardteist.. chaitheas trí seachtaine i gCeann Trá agus thiteas go hiomlán i ngrá leis an nGaeilge agus chonac é mar theanga a bhí á labhairt, mar theanga phobail"
Luann Eoin go raibh beirt mhúinteoirí a chuaigh go mór i bhfeidhm air agus é ina dhalta scoile agus go bhfeictear dó go bhfuil siollabas na scoile ag athrú ach go bhfuil dúshláin go fóill le sárú ag an gcóras oideachais, "ní chaitheann siad dóthain ama i mbun comhrá istigh sna seomraí ranga agus is bocht an scéal é ach ana-chuid de na múinteoirí, is dócha nach bhfuil siad féin compórdach leis an dteanga ach an oiread"
Labhair Eoin faoin mbá atá ag a chuid páistí féin anois don Ghaeilge agus d'amhráin freisin agus deir go mbíonn siad á sú isteach 'go nádúrtha'. Tá clann Eoin ag freastal ar an scoil i nDún Chaoin agus tá sé tugtha faoi deara aige go bhfuil ceangal láidir idir pobal an cheantair agus an scoil féin agus gur dheas leis go mbíonn aithne ag na páistí ar dhaoine níos sine agus go bhfuil sé luachmhar 'go mbeadh taithí acu 'bheith ag plé le daoine níos aosta agus gur féidir leo comhrá a choimead leo'.
Tá Eoin ag obair ar shraith nua do RTÉ bunaithe ar shéasúir na bliana in Éirinn a bheidh le feiceáil an bhliain seo chugainn.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12:08 - 13:00.