De réir tuairiscí, tá 170 bus de chuid Paddywagon Tours ar bhóithre na hÉireann agus brabús de €1.1 déanta ag an gcomhlacht i mbliana. Ar An Saol Ó Dheas, labhair Helen Ní Shé le húinéir agus bunaitheoir an chomhlachta, Cathal Ó Conaill faoin bhfís a bhí aige ón tús, faoin bhforbairt atá tagtha ar an ngnó agus faoi aer úr a dhíol do thurasóirí. 

Deir Cathal go bhfuil an bhliain seo chugainn ag féachaint go maith freisin 'mura dtarlaíonn aon rud ait, sa domhan, abair Donald Trump ag déanamh aon rud as a mheabhair nó aon rud mar sin'. Tá sé den tuairim nach mbeidh mórán d'impleacht ag Breatimeacht ar leithinis ar earnáil turasóireacht an Iardheiscirt mar gur Meiriceánaigh agus muintir na hEorpa a thagann ar cuairt ansin seachas muintir Shasana a thagann go Baile Átha Cliath don deireadh seachtaine. 

'Má leanann an saol ar aghaidh mar atá, beidh an bhliain seo chugainn níos gnóthaí arís ná i mbliana'  

Cathal Ó Conaill, úinéir agus bunaitheoir Paddywagon Tours.

Nuair a bhunaigh Ó Conaill an comhlacht, bhí spriocmhargadh éagsúil aige, muintir óg na hAstráile a bhí ag teacht go hÉirinn ar bheagán airgid ach spéis acu san ól agus sa chraic. Anois, tá an comhlacht ag freastal ar Mheiriceánaigh don chuid is mó agus tá fochomhlacht eile bunaithe acu, Elegant Irish Tours, a fhreastalaíonn orthu siúd ar mhaith leo airgead níos mó a chaitheamh agus iad anseo. Deir Cathal go raibh baint nach beag ag an teicneolaíocht leis an deis sin a aithint:

'Chuireas department teicneolaíochta le chéile agus le google adwords agus rudaí mar sin, bhíomar ábalta bualadh isteach sa mhargadh atá i Meiriceá agus sin iad anois na daoine, don chuid is mó atá ar na busanna ag Paddywagon agus go mór mór ag an gcomhlacht 5 réalt atá agam, Elegant Irish Tours'

Tá siopaí turasóireachta ag Cathal freisin, trí chinn i mBaile Átha, dhá cheann i gCorcaigh, ceann amháin i Cill Áirne agus ceann eile i Luimneach. Deir sé go dtéann sé chuig an tSín, áit a dheartar breagáin agus 'gimmicks' do thurasóirí. Nuair a cheistigh Helen é maidir leis an rogha stuif atá ar fáil sna siopaí, leipreacháin srl. dúirt Cathal go bhfuiltear anois ag díol 'cannaí aer úr' ó shlí an Atlantaigh Fhiáin ar €3.95. Shíl Helen ar dtús go raibh Cathal ag magadh fuithí ach tá Cathal den tuairim go mbeidh an-tóir ar a leithéid agus go bhfuil 3,000 stán den aer díolta cheana féin!

Craoltar An Saol Ó Dheas ag 12:08 - 13:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.