Is fada an lá ceoltóirí agus grúpaí ceoil as Éirinn bheith ag triall ar cheoltóirí, ceantair agus cladaigh ar an choigríoch le foinn a bhronnadh agus foinn a iompar leo ar ais na bhaile. Tá na droichid is láidre ceoil sin tógtha idir muid agus Albain, an Bhriotáin agus tuaisceart agus iar-thuaisceart na Spáinne ach is dóigh liom féin gurb é na dlúthcheangail idir muid féin agus Talamh an Éisc, Oileáin Phrionsa Éamoinn agus na ceantair eile i gCeanada a raibh na Gaeil ag trial orthu ón seachtú haois déag ar aghaidh an foinse ar a mbeidh ceoltóirí ar dhá thaobh an Atlantaigh ag trial orthu le dúthracht anois.
Faoi láthair tá sin a dhéanamh ag an ghrúpa ceoil ‘Cordeen’ le Benny McCarthy, duine de bhunaitheoirí Danú, as ceantar Shliabh Luachra, Conor Moriority duine den dream óg ildánach seo atá a bhfuil clú idirnáisiúnta ar cheana féin.
Ón taobh eile den droichead ag déanamh anall tá Graham Wells, iar bhall den ghrúpa ‘The Irish Descendants,’ a d’fhoghlaim a cheird ceoil agus é ag taisteal timpeall Thalamh an Éisc ag seinm lena hathair mór agus ar deireadh, ar an cheathrú cairdín, as Talamh an Éisc fosta, Billy Sutton ball den ghrúpa ‘The Fables’ agus lámh aige ar uirlisí go leor.
Tá idir foinn agus amhráin le haimsiú ar an dlúthdhiosca seo Musical Bridge, foinn atá le cluinstin ar an dá thaobh den Aigéan Atlantaigh, foinn atá a roinnt le chéile agus is cinnte go mbeidh ceoltóirí anois ag tógáil agus ag cur leis an stór atá le haimsiú anseo.
Cuireann Dónall Mac Ruairí An Chóisir Cheoil i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 15:00 - 17:00 Dé Luain agus 16:10 - 17:00 Máirt - Aoine.
Bí i dteagmháil leis ag macruad@rte.ie nó ar Twitter @aimsiufior