Director Maelíosa Stafford writes for Culture about his production Amhrán an Bhonnáin Bhuí, a new Irish language version of Vincent Woods' play Song Of The Yellow Bittern, which premieres at An Taibhdhearc, Galway from 5-15 Feb forthcoming.

Tá mé ag obair go gairmiúil le hamharclannaíocht le breis agus 40 bliain agus bhí deis agam, ar feadh 4 bliana díobh sin, cúrsa a stiúradh mar SC an Druid agus plé a bheith agam le hintinn iontach an scríbhneora Vincent Woods.

Watch: Maelíosa Stafford talks Amhrán an Bhonnáin Bhuí

Casadh Vincent agus mé féin ar a chéile de sheans ar dtús in Sydney sa bhliain 1990 agus é ag léamh a chéad leabhair filíochta, The Colour of Language.

Chuir a intinn shamhlaíoch agus a léargais ar leith ar dhoirche agus ar shoirche anam an duine iontas orm.

Bhí luí iomlán agam lena chanúint agus lena chaint Liatroma a bhí cosúil leis an tuiscint a bhí agam ar chanúint Iarthar na hÉireann. Thosaigh muid ag caint.

Glór Morning Ireland ar raidió RTÉ an aithne a bhí agam air. Bhí aithne aigesean orm mar aisteoir agus chonaic sé roinnt léirithe a rinne mé sa Druid agus in Amharclann na Mainistreach.

Thug sé scéal dom a scríobh sé agus é ag taisteal ar fud na hAstráile, mar a bhfuil cónaí orm.

Tara Breathnach in Amhran an Bhonnain Bhui 

Tháinig cor sa chinniúint – Bhí mé ar tí post a fháil mar SC leis an Druid go ceann ceithre bliana agus chuaigh mé sa seans – bheartaigh mé ar dhráma gairid a chur ar stáitse i séasúr 1991, um lóin le linn na Féile Ealaíon – d'éirigh leis ar bhealach nua agus nuálach - as sin tháinig coimisiúnú le haghaidh dráma nua fada. Ba é a thoradh sin At the Black Pig’s Dyke, a cuireadh ar stáitse ag deireadh 1992 agus a léiríodh dá éis sin go hidirnáisiúnta agus a bhain cáil nach beag amach.

Agus an dréacht deiridh don chleachtadh á chur le chéile, foilsíodh scéala ar leathanach tosaigh gach nuachtáin in Éirinn. Tuairiscíodh scéal Easpag na Gaillimhe, Eamon Casey - bhí rún aige - bhí mac aige a bhí 21 bliain d'aois sna Stáit Aontaithe. Mionscannal a bhí ann. Thug Vincent léargas eile dom, áfach, a bhí i bhfad ní ba shuimiúla. Níor chóir go ndéanfaí scéal mór d'aontumhacht na sagart i ndáiríre – agus bhí rún ní ba mhó faoi cheilt san am a bhí caite. Scéal coitianta a bhí ann, leoga.

Orlaith Ni Chearra in Amhran an Bhonnain Bhui 

Liatroim 1828: chuir teaghlach Protastúnach an dlí ar shagart paróiste agus díospóir diagachta iomráite na linne i ndáil le cás atharthachta, agus mhaígh siad gur éignigh sé an iníon agus é ar lóistín leo.

Chosain Daniel O'Connell cás an tsagairt, an tAthair Tom McGuire, agus buadh an cás ach aird an ghiúiré a chasadh ar an mbean.

Cuireadh ina leith go fíochmhar sa chúirt gur bhean gan mhoráltacht a bhí inti. Áitíodh freisin gur comhcheilg Phrotastúnach a bhí ann i gcoinne "Sagart Caitliceach cóir" a raibh baint aige le gluaiseacht na Fuascailte i dteannta O'Connell. Bhuaigh O'Connell an cás agus rinneadh laoch náisiúnta de McGuire.

Lochlann O Mearain in Amhran an Bhonnain Bhui 

Scríobhadh Amhrán an Bhonnáin Bhuí mar fhreagra ar dhíospóireacht an lae - carachtar an Easpag Casey agus an cáineadh a rinne codanna áirithe de shochaí na hÉireann ar Annie Murphy, máthair a pháiste, agus an milleán agus an náire a leagadh uirthi - aithris ar fhreagra na sochaí i 1828.

Bhí sé ríthábhachtach dom féachaint arís ar an seó 25 bliain níos déanaí. Ní hamháin go bhfuilimid ag déileáil le ham corraithe atá caite - 1828 nó 1992 - táimid fós ag déileail le saincheisteanna mí-úsáide na cléire agus le rúin cheilte nach mór déileáil leo fós.

Is ceist í nach bhfaighfear réidh léi. Is tráthúla i bhfad é an dráma sa lá atá inniu ann. Tháthar ag plé tuairimí agus réitigh nua le súile úra, dá thoradh sin.

Is conair fhada í conair an tslánaithe a chaithfidh an tsochaí seo againne a chur di.

Amhrán an Bhonnáin Bhuí, An Taibhdhearc, Galway 5th February 2020 — 15th February 2020 - find out more here.

Pics: Sean O Mainnin