Tá slán fágtha ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump agus a chomhluadar leis an tír seo agus tá siad ag tabhairt a n-aghaidh ar Washington arís tar éis dóibh cúig lá a chaitheamh san Eoraip.
Chaith siad dhá oíche - aréir agus arú aréir - in óstán Donald Trump sa Dún Beag i gCo an Chláir.
Ar maidin, chás an tUachtarán le daltaí Scoil Naisiúnta na gClochán agus é ag bualadh gailf ar a chúrsa príobháideach sa Dún Beag.
Lucht Scoil Naisiúnta na gClochán leis an Uachtarán Trump
Is amhlaidh a thug príomhoide na scoile na daltaí chomh fada leis an ngalfchúrsa agus gur thapaigh siad an deis bleid a bhualadh ar an Uachtarán Trump.