Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 10 Feabhra 2019

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seanchas, scéalaíocht agus léargas ar oidhreacht na Gaeilge ar Radió Éireann ón chéad lá anall.

Siúlach Scéalach - Gleann Cholm Cille

Tuairisc ó Mhichéal Ó hUanacháin fá chúrsaí comharchumainn agus forbartha i nGleann Cholm Cille i nGaeltacht Dhún na nGall sa bhliain 1975.

Siúlach Scéalach - Risteard Mac Gabhann

Risteard Mac Gabhann fear acadúil agus fear gnímh ar son na Gaeilge as Doire ag caint fá chúrsaí Gaeilge sna se chondae ag Éigse Oirialla i nDún Dealgan sa bhliain 1969.

Siúlach Scéalach - An fidléir Joe Lacky Gallagher

An fidléir Joe Lacky Gallagher as Co. Liatroma mar a chas sé ceol do Shéamus Ennis ó Radio Éireann sa bhliain 1948.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís