Jim McGuinness

Tá tuairimíocht láidir ann go bhfuil iarbhainisteoir fhoireann peile Dhún na nGall, Jim McGuinness as na Gleannta le filleadh arís mar bhainisteoir ar fhoireann an chontae.

Bhí Jim McGuinness ina bhainisteoir ar an chontae nuair a bhain siad Craobh na hÉireann amach in 2012 agus nuair a bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach in 2014.

Léirigh naonúr suim sa phost mar bhainisteoir ar fhoireann sinsear an chontae, post atá folamh ó d'fhág Aidan O’Rourke, fear a tháinig i gcomharbacht ar Paddy Carr, a d’éirigh as i ndiaidh cúig mhí sa ról.

De réir tuairimíochta i nuachtáin áirithe inniu tá ainm McGuinness á lua go láidir leis an phost seo.

Tuigtear go bhféadfadh fógra oifigiúil a bheith déanta faoin phost seo roimh i bhfad.

Iascairí na gCeall Beag

Tá imní léirithe ag Cónaidhm Iascairí na gCeall Beag faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar stoc éisc ghil cosúil le trosc.

Dúirt Seán O’Donoghue, Príomhfheidhmeannach an Chónaidhm go bhfuil an baol ann anois le hathrú mór i dteocht na farraige amach ó chósta Dhún na nGall go mbogfaí iasc cosúil le trosc, murlasc agus scadáin go huiscí níos fuaire ó thuaidh.

Ábhar mór imní a dúirt Seán O’Donoghue go bhfuil báid iascaireachta as na Cealla Beaga anois ag tabhairt níos mó lastas ainseabhaí agus sairdín i dtír, iasc a fhaightear níos minice in uisce atá níos teo.

Is i Meán Fómhair de ghnáth a dúirt sé a bhíonn uiscí an Atlantaigh Thuaidh ag an teocht is airde den bhliain, ach tá figiúirí do mhí Iúil ceithre nó cúig chéim níos airde ná an meánteocht.
Caithfear athruithe aeráide agus a dtionchar ar thionscal na hiascaireachta a chur san áireamh nuair atá cuótaí á socrú a dúirt Seán O’Donoghue.

An tEaspag Emeritus Liam McDaid,

Tá sé fógartha ag Deoise Chlochair go bhfuair an tEaspag Emeritus Liam McDaid, as Bun Dobhráin ó dhúchas bás tobann sa Fhrainc.

Bhí sé 78 bliain d’aois.

Oirníodh é ina shagart i 1968 agus chaith sé seal ag teagasc agus ansin bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste Mhic Carthain i Muineachán.

Bhí sé ina Easpag ar Chlochair ó 2010 go 2016.

Níl socruithe an tórraimh cinntithe go fóill.

Milwaukee

Tá toscaireacht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall i láthair ag Féile na nGael in Milwaukee Mheiriceá, atá ag toiseacht inniu.

Déanfaidh an toscaireacht ón Chomhairle bolscaireacht ar an chontae mar láthair oibre agus turasóireachta, le linn a gcuairte.

Is í Féile Milwaukee  an fhéile is mó i Meiriceá  ina ndéantar ceiliúradh ar cheol agus cultúr na hÉireann. 

Déanann níos mó ná 100,000 duine  freastal ar an fhéile seo achan bhliain.   

Beidh an fhéile ar siúl ón lá inniu go dtíDé Domhnaigh. 

Saibhreas na Síoraíochta

Tá Féile Shaibhreas na Síoraíochta ag toiseacht inniu i gceantar Chloich Chionnaola.

Beidh turas treoraithe go hInis Bó Finne inniu mar pháirt den fhéile, agus beidh turas na dtithe oidhreachta ar siúl amárach.

Beidh lá oscailte ag Teach Mhicí Mhic Gabhann Dé Sathairn, agus déanfar scannán "Rotha Mór an tSaoil" a thaispeáint in Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh tráthnóna Dé Sathairn.