Péine Albanach
Tá 2,000 crann de shíol péine Albanach na hÉireann curtha sa Ghleann Uachtarach i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le gairid ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Seo an líon is mó de chrainn a cuireadh sa tír go dtí seo, agus rinneadh sé seo chun feabhas a chur ar ghnáthóg dhúchasach sa pháirc náisiúnta.
Cuireadh na crainn ar shuíomh 1.6 heicteár sa Ghleann Uachtarach.
Dúirt an tAire Stáit Oidhreachta Malcolm Noonan go bhfuil sé bródúil as an obair atá déanta le tamall leis an togra seo ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, agus crainn a bhí dúchasach sa cheantar á gcur ansin arís.
Fuaireas síolta do na crainn a cuireadh i nGleann Bheatha ó ghorlann i gcontae na Gaillimhe.
Tá straitéis fhadtéarmach ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le go mbeidh rath ar chrainn atá dúchasach i nGleann Bheatha.
Mar pháirt den straitéis sin fosta tá pleananna chun déileáil le plandaí neamhdhúchasacha, amhail an róslabhras, sa Pháirc Náisiúnta.
Bóithre
Ba cúrsaí bóithre an cheist a ba mhó a luaigh toscaireacht ó Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn le baill Oireachtais Dhún na nGall, nuair a chas iad leo i nDáil Éireann inné.
Dúirt an Teachta Dála Joe McHugh go ndearnadh go leor plé ar thábhacht bhealach an A5, le cois cuarbhóthar Shrath an Urláir, agus tograí bóthair TEN-T sa chontae.
Dúradh fosta gur ábhar imní an easpa tithíochta atá i Leitir Ceanainn, le cois fadhbanna atá ag comhlachtaí oibrithe a earcú, agus easpa ceardaithe a bheith ar fáil.
Dúirt an Teachta McHugh go bhfuil súil aige go mbeidh deis ag toscaireacht ón Chumann Tráchtála cur i láthair a dhéanamh don Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe níos moille i mbliana.
Aonaid Éigeandála
Deir Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte san Iarthuaisceart go mbíonn brú breise ar Aonaid Timpiste agus Éigeandála sna hotharlanna de ghnáth ag deireadh seachtaine saoire bainc, agus gur cheart don phobal a bheith eolach ar na seirbhísí leighis atá ar fáil daofa go háitiúil.
Dúirt siad gur cheart do dhaoine a bheith eolach go bhfuil seirbhísí leighis ar fáil ó sheirbhís NowDoc agus fosta ó cheimiceoirí áitiúla.
Dúirt siad i ráiteas go bhfuil siad ag dréim go mbeidh éileamh mór ar sheirbhísí sna hAonaid Éigeandála ag an deireadh seachtaine, agus go mbeidh tosaíocht á tabhairt daofa siúd a bheas go dona tinn.
Dúradh go mbeidh achan iarracht ar bun an deireadh seachtaine seo chun go mbeidh leapacha ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn agus sna hotharlanna pobail chomh maith.