Brian Friel
Tá €4.5m le caitheamh ar ionad cultúrtha in ómós do Brian Friel sna Gleannta agus tá pleananna le 30 post a chruthú ansin.
Shocraigh Comhairleoirí Contae Dhún na nGall an tseachtain seo seanteach cúirte na nGleanntach a thabhairt d'iontaobhas Brian Friel ar léas 99 bliain.
Bhí ceangal iontach láidir ag Brian Friel leis na Gleannta, baile dúchais a mháthair.
Dúirt an Comhairleoir Contae áitiúil, Anthony Molloy go raibh lúcháir air an moladh a dhéanamh ag cruinniú den Chomhairle Contae, an seanteach cúirte a bhronnadh ar Iontaobhas Brian Friel.
Eitilt bhreise
Scéal maith do phobal iarthar Dhún na nGall go mbeidh eitilt bhreise a chur ar fáil ag Loganair idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Ghlaschú nuair a chuirfear tús arís leis an tseirbhís an Samhradh seo, a deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Beidh trí eitilt sa tseachtain á reáchtáil anois ag Loganair as Aerfort Dhún na nGall go hAerfort Ghlaschú, Dé Céadaoin, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
Thóg an Comhairleoir Ó Fearraigh an cheist ag cruinniú den Chomhairle le gairid, agus d’iarr sé ar an Chomhairle iarracht a dhéanamh go mbeadh níos mó ná dhá eitilt fillte sa tseachtain.
Gaeilge i nDaonáireamh 2022
Ba i Limistéar Pleanála Teanga na Rosa a bhí an méadú a ba mhó do réir céadchodán i líon cainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill de réir Dhaonáireamh 2022.
Bhí méadú 9.49% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ansin idir 2016 -2022, ó 274 duine go 300 duine.
Bhí méadú 9.41% i dToraigh, ó 85 go 93 duine.
Tháinig méadú 4.88% i Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall, ó 246 duine go 258 duine.
Bhí laghdú i nGaoth Dobhair, Cloich Chionnaola, Dún na nGall Theas agus An Ghaeltacht Láir.
Ba laghdú de 1.1% a bhí i gceantar Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, ó 2900 duine go 2,866 duine.
I gCloich Chionnaola, bhí laghdú 5.17% ó 1,546 duine i 2016 go 1,466 duine anuraidh.
I nDún na nGall Theas bhí laghdú 7.45%, ó 322 duine go 298.
Agus bhí an laghdú a ba mhó de líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht Lár, laghdú ó 337 duine i 2016 go 298 duine anuraidh.
Thug 59,130 duine sa chontae le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, sin méadú de 2,400 duine ó 2016.
Dúirt 7,750 duine sa chontae gur labhair siad an Ghaeilge go laethúil.