Uisce Éireann
Tá srianta éigeandála fógartha ag Uisce Éireann de dheasca an easnaimh atá ar an soláthar uisce i gceantair san iardheisceart.
Cuireadh srianta uisce istoíche i bhfeidhm aréir i gceantar Chloich na Coillte in Iarthar Chorcaí, óna 11 a chlog istoíche go dtí a 7 ar maidin.
Deir Uisce Éireann go bhfanfaidh na srianta i bhfeidhm go dtí Dé hAoine agus go ndéanfar athbhreithniú orthu ansan.
I gContae Chiarraí tá srianta uisce istoíche curtha i bhfeidhm i gceantar Inse agus na mBuailtíní in oirthear Chorca Dhuibhne.
Beidh malairt soláthar uisce á chur ar fáil ag Sáipéal Inse agus ag Sáipéal na mBuailtíni
Plean Teanga na nDéise
Ardú croí is ea an scéal go bhfuil príomhsprioc Phlean Teanga na nDéise bainte amach luath a dúirt Críostóir Ó Faoláin, duine de scríbhneoirí Phlean Teanga na nDéise.
Tá sé mar sprioc sa phlean teanga líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne lasmuigh den gcóras oideachais a ardú go dtí 500 duine faoi dheireadh thréimse feidhme an phlean.
Tá an sprioc sin sáraithe anois agus 508 ann de réir torthaí dhaonáireamh 2022.
Tá buíochas mór ag dul go pobal Ghaeltacht na nDéise, agus do Chomhlacht Forbartha na nDéise as an obair atá déanta chun an plean teanga a chur i bhfeidhm agus an Ghaelainn á neartú mar theanga an phobail a dúirt an Faolánach.
Múscraí
Deir Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí, Eibhlín Ní Lionáird, cé go bhfuil díomá uirthi le torthaí an daonáirimh ó thaobh úsáid na Gaolainne de, a foilsíodh inné, dar léi féin, tá an-bhorradh tagtha ar úsáid na Gaolainne i Múscraí le bliain anuas, ó tógadh eolas an daonáirimh ó dhaoine.
Tá méadú de 88 duine ar líon na ndaoine go bhfuil cumas Gaolainne acu i Múscaí sa daonáireamh seo, ach tá ísliú de 2.39 % ar lucht labhartha na Gaolainne go laethúil. Beidh a thuilleadh faoi seo ar an gclár.
Agus deir oifigeach pleanála Teanga Chiarraí Thiar, John Prendergast, ag dul de réir fhigiúirí dearfacha an daonáirimh, go bhfuil Tobar Dhuibhne ag teannadh lena sprioc, ó thaobh líon na gcainteoirí Gaolainne a mhéadú ó 28% don bpobal go dtí 33% faoin mbliain 2025.
Tionóntaí
Tugadh fógraí críochnaithe léasa do 525 tionónta i gCo. Chorcaí sa chéad ráithe den mbliain, an líon ba mhó in aon chontae sa stát seachas Baile Áth Cliath, de réir na bhfigiúirí is déanaí maidir leis an earnáil cíosa atá eisithe ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.
Bhí sin 10% ní b'airde ná an méid fógraí a eisíodh i gCorcaigh i ráithe dheiridh na bliana anuraidh.
Mhéadaigh an líon fógraí a eisíodh go tionóntaithe i gCo. Phort Láirge ó 95 go 116, ach thit an líon daoine a dúradh leo go gcaithfidís an tigh a bhí ar cíos acu i gCiarraí a fhágaint ó 113 go 95.
Peil
Tá triúr ón nGaeltacht ar fhoireann mhionúr caide Chontae Chiarraí a ainmníodh aréir, don gcluiche craoibhe le Contae Chorcaí dé hAoine beag seo.
Séamas de Hóra ón nDaingean a bheidh sa bháire. Beidh Seán Ó Cuinn ón nGaeltacht ar an gcliathán tosaigh ar clé, agus tá Aodhna Ó Beaglaoi i measc na bhfear ionad.