Cás John Downey
D'éirigh le daoine muinteartha leo siúd a maraíodh i mbuamáil Hyde Park i 1982, áit ar maraíodh ceathrar, an chéad cheim de chás siabhalta in éadan John Downey, 67 bliain d'aois as na hArdaí an Craoslach a bhaint san Ard Chúirt i Londáin inniu.
Rialaigh an Breitheamh Yip san ardchúirt i Londáin inniu go raibh John Downey ina rannpháirti gníomhach sa bhaumáil agus go raibh sé féin chomh maith le daoine eile freagrach as an bhaumáil.
Is í Sarah Young iníon leis an Leifteanant Jeffrey Young a maraíodh san eachtra buamála atá ag tabhairt an cháis in éadan Downey.
Ní raibh Downey páirteach sa triail ach scríobh sé litir cosanta ag séanú aon bhaint a bheith aige leis an ionsaí.
Tugadh le fios sa chúirt cheana féin go bhfuil fianaise i bhfoirm lorg meara a deirtear a cheanglaíonn John Downey leis an bhuama.
Clár cairdis aoise
Tá aitheantas faighte ag Comhairle Contae Dhún na nGall ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte as a gcuid oibre ar chlár cairdis aoise i gContae Dhún na nGall.
Is éard atá i gceist leis an chlár cairdis aoise nó tabhairt ar dhaoine ó achan aoisghrúpa a bheith rannpháirteach sa phobal, tacú le daoine a bheith folláin agus gníomhach chomh maith le tacaíocht a thabhairt daofa siúd nach bhfuil sé ar a gcumas aire a thabhairt daofa féin.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i measc 31 údarás áitiúil atá roghnaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte don aitheantas.
Dúirt Catheoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Contae Nicholas Crossan go dtáinig fás mór ar chlár cairdis aoise na Comhairle le cúpla bliain agus ghabh sé buíochas leo siúd a bhí páirteach sa chlár thar na mblianta.
Rátaí cíosa
Bhí an dara ráta cíosa sa tír in aghaidh na míosa i gcontae Dhún na nGall san tríú ráithe den bhliain seo, do réir tuarascála ar chostais cíosa atá foilsithe inniu ag an Bhord Um Thionóntachtaí Cónaithe.
Ba €615 an meán chostas cíosa ar theach i nDún na nGall san tríú ráithe den bhliain, an dara luach is ísle sa tír sa tréimhse sin.
Tháinig méadú 4.4% le trí mhí ar chostais cíosa i nDún na nGall, ó €589 sa mhí go €615 sa mhí, agus le dhá mhí dhéag, tháinig méadú de 6.5% ar chostais cíosa sa chontae.
Ba i mBaile Átha Cliath a bhí an meá chostas cíosa a ba dhaoire idir Iúil agus Meán Fómhair i mbliana, áit a raibh meán chostas cíosa de €1,762 sa mhí.
Tá anailís déanta ag an Bhord Um Thionóntachtaí Cónaithe ar chostais cíosa i roinnt bailte i nDún na nGall.
Léirítear gur €570 an meánchostas cíosa san tríú ráithe de 2019 i mbaile Bhun Crannacha.
€632 sa mhí an meánchostas ar theach a ghlacadh ar cíos i mBaile Dhún na nGall, €688 sa mhí i mbaile Leitir Ceanainn, agus €506 sa mhí i Leifear.
Bhí meánchostas de €621 ar theach trí sheomra leapa i nDún na nGall san tríú ráithe, sin méadú 7.2% le bliain, agus €696 sa mhí do theach le ceithre sheomra leapa nó níos mó.
B'iad contaetha Ros Comáin, Mhaigh Eo, An Cabhán agus Dún na nGall na contaetha a raibh an meánchostas cíosa faoi bhun €800 sa mhí.
Fondúireacht na gCruacha Gorma
Beidh cruinniú ag baill Oireachtais Dhún na nGall leis an Aire Finian McGrath inniu le plé a dhéanamh ar mhaoiniú do Fhondúireacht na gCruacha Gorma.
Ceadaíodh aoiniú eatramhach don Fhondúireacht i mBaile Dhún na nGall i mí Feabhra, maoiniú de €36,000. Deir an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Pat the Cope Ó Gallachóir, go bhfuil obair iontach a dhéanamh ag an eagraíocht seo ag tacú le daoine óga le míchumas ar fud dheisceart agus iar dheisceart Dhún na nGall, agus gur seo eagraíocht atá a eagrú ag baill den phobal go deonach.
Beidh achainí á dhéanamh inniu ag baill Oireachtais Dhún na nGall ar an Aire Stáit a bhfuil cúramaí míchumais air, maoiniú a cheadú don charthanacht seo le gur féidir leo leanstan ag cuidiú agus ag tacú le daoine óga ón cheantar a bhfuil míchumas orthu.
Otharlann Pobail Charn Domhnaigh
Tá sé fógraithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh go gcuirfear tús le hobair thógála ar Otharlann Pobail Charn Domhnaigh i lár na bliana seo chugainn.
Dheimnigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh tógálaí don togra á roghnú gan mhoill.
Dúirt an tAire McHugh gur dea-scéala an fhorbairt seo do Charn Domhnach agus go rachadh sé go mór chun sochair don cheantar.
Dúirt sé go gcuirfear barda gearrthréimhse ar fail i mBun Cranncha fhad is ata an obair thógála a dhéanamh ar Otharlann Pobail Charn Domhnaigh.
Cuótaí éisc
Dúirt Seán O'Donoghue, Priomhfheidhmeannach Cumann Iascairi na gCealla Beaga, go dtáinig toradh réasúnta as cruinniú bliaintúil An Chomhairle Iascaireachta a bhí ar siúl sa Bhruiséil an tseachtain seo i dtaca le cúotaí éisc.
Léirigh an Cumann imní i ráiteas an tseachtain s'chuaigh thart faoi chúotaí éisc do hiascairí na tíre seo mar thoradh ar Olltoghahán na Breataine.
Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe a bhí ar siúl sa Bhruiséil, dúirt Seán O'Donoghue gur socraíodh na cúotaí éisc a chur ag leibéal atá inbhuanaithe.
Dúirt sé chomh maith nach bhfuil an todhchaí maidir leis an tionscal iascaireachta soileir mar gheall ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.
Erasmus Plus
Tá go leor suime á léiriú i sraith cúrsaí atá a dtairiscint faoi chlár Eorpach de chuid Erasmus Plus, Clár Oideachais, Traenála, Óige agus Spóirt, a bheas a reáchtáil ar oileán Ghabhla ar an bhliain seo chugainn, dírithe ar mhúinteoirí agus lucht teagaisc.
Dúirt Maireád Nic Suibhne, Príomh Oide Scoil Náisiúnta Loch an Iúir, atá i mbun na gcúrsaí seo, go mbeidh múinteoirí as mór roinn na hEorpa ag teacht go Gaoth Dobhair agus go Gabhla dona cúrsaí seo.
Tá múinteoirí ón Ungáir, ón Phortaingéil agus an Fhionnlainn ina measc siúd atá cláraithe le freastal ar na cúrsaí i nGabhla cheana féin.
Beidh cúrsa seachtaine i mí Aibreán, cúrsa eile i mí Bealtaine agus cúrsa i mí Lúnasa. Glacfar suas le scór rannpháirtí ar achan chúrsa.
Cúrsaí seachtaine a bheas i gceist, agus beidh béim faoi leith ar eachtraíocht mar pháirt den chúrsa.
Rátaí cíosa
Léiríonn figúirí ón Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe go bhfuil Dun na nGall i measc na gcontaetha leis an luach is isle cíosa.
Léiritear go bhfuil luach cíosa i nDún na nGall, An Cabhán, Co. Liatroma, An Longfort, Maigh Eo, Múineachán agus Ros Comáin faoi €700 euro in aghaidh na míosa.
Ba i gContae Liatroma a bhí an luach cíosa is isle sa tír ag €582.
Cónaí cois teorann
Tá an tríú líon is mó daoine in aon chontae a bhfuil cónaí orthu in aice leis an teorann i gContae Dhún na nGall.
Léiríonn tuarascáil de chuid an Phríomh Oifig Staidrimh go bhfuil cónaí ar 2.7% de dhaonra na tíre ar fad taobh istigh de 10km ón teorann leis na Sé Contae.
Tá 34,160 duine i nDún na nGall a bhfuil cónaí orthu taobh istigh de 10km ón teorann.
Tá an líon is mó i gcontae Lú, áit a bhfuil 41,972 duine ina gcónaí taobh istigh de 10km ón teorainn, agus tá 39,485 duine i Muineachán ina gcónaí laistigh de 10km de theorann na Sé Contae.
Léiríonn na figiúirí is deireanaí seo fosta ón Phríomh Oifig Staidrimh go raibh 7,037 duine sna Sé Contae Fichead ag taisteal go dtí na Sé Contae achan lá dá gcuid oibre.