Naomh Uinseann de Pól
Dúirt Rosa Glackin, Uachtarán an Iar-Thuaiscirt de Chumann Naomh Uinseann de Pól go measann an Cumann go dtabharfaidh siad tacaíocht do níos mó nó 2,000 Teaghlach sa Chondae an Nollaig seo.
Sin ardú ar an méid daoine a dtug siad tacaíocht daofa anuraidh.
Dúirt sí go bhfuil daoine go mór faoi bhrú agus deacrachtaí acu billí breosla, bia agus costais scoile a íoc , ach ag an am cheanna tá sí ag iarraidh ar dhaoine ata ar an ghannchuid teagmháil a dhéanamh leo agus gan a dhul ag iasachtóirí airgid.
Beidh bailiúcháin bhliantúil an Chumainn ag na Tithe Pobail an deireadh seachtaine seo.
Tonnchosc
Tá an Comhairleoir Condae John Shéamuis Ó Fearraigh dóchasach i ndiaidh do castáil leis an Aire Kevin Boxer Moran go gceadófar airgead le Tonnchosc a thógáil ag Céidh Mhachaire Rabhartaigh taobh istigh de bhliain.
Dúirt sé go bhfuil scrúduithe a ndéanamh ar an Chéidh faoi láthair, ach tá súil aige go mbeidh na scrúduithe sin críochnaithe go luath agus go gcuirfear na pleananna ansin ar aghaidh chuig an Roinn.
Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil níos mo no €30,000 a chaitheamh ag an Chomhairle ar dhreideáil na Céabha achan bhliain agus go bhfuil se tábhachtach an tonnchosc a thógáil chomh luath agus is féidir.
Drioglann
Tá súil ag Comhlacht Drioglann Thír Chonaill a bhéas lonnaithe i gCroichshlí go mbeidh siad réidh le dhul i gceann oibre faoin Cháisc.
Tá sé beartaithe ag an Chomhlacht Uisce Beatha a thairgiú o Shean mhonarcha Chroichshlí.
Seo an chead uair le 180 bliain a bheas Uisce Beatha a tháirgiú go dleathach i nDún na nGall. Tá obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an fhoirgneamh faoi láthair.
Chomh maith leis an Drioglann, tá se i gceist ag an Chomhlacht Ionad Cuairteoirí a thógáil.
Tá infheisteoirí a lorg ag Comhlacht Drioglann Thír Chonaill ó Chomhlachtaí, Grúpaí no í dhaoine aonaracha faoi láthair.
Feachtas sábháilteachta
Sheol Gardaí Dhún na nGall i gcomhair le Póilíní an Tuaiscirt a bhfeachtas sábháilteachta bóthar trasteorann don Nollaig inné.
Beidh an feachtas ag díriú ar dhaoine a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil.
Dúirt an Cigire Michael Harrison go bhfuil daoine go fóill ag tiomáint faoi thionchar an óil agus go bhfuil beatha daoine eile a gcur i mbaol mar gheall ar an chinneadh seo.
Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach cur ina luí ar an phobal gur cheart an carr a fhágáil sa bhaile agus gan a ghabháil sa seans in aon am.
Dúirt Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil sé de dhualgas ar thiománaithe a bheith freagrach agus gan a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil nó faoi thionchar drugaí.
Seoladh feachtas tiomána trasteorann na nGardaí agus na Póilíní i gCeann an Droichid inné chomh maith.
Togra Athnuachana
Reáchtálfar cruinnithe eolais phoiblí in Ailt an Chorráin agus in Árainn Mhór Dé Céadaoin ar an aonú lá déag do Mhí na Nollag maidir leis an Togra 'Athnuachana úr Cuan go hOileán' idir Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór, atá faoi cheannas Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Tá na cruinnithe seo á reáchtáil chun tuilleadh eolais a thabhairt don phobal maidir leis an togra, ar fiú €4 mhilliún é, agus ar bhronn an tAire Michael Ring breis agus €3 mhilliún euro ar ar na mallaibh ón Chiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe.
Beidh baill d'fhoireann Athnuachana agus Forbartha na Comhairle ar fáil sa Chultúrlann, Árainn Mhór Dé Céadaoin an t-aonú lá déag do Mhí na Nollaig ó 11am go dtí 12pm agus san Ionad Pobail in Ailt an Chorráin óna 5 a chlog go dtí'n 8 a chlog le ceisteanna a fhreagairt agus tuilleadh eolais a thabhairt don phobail maidir leis an togra.
Beidh pleananna agus sonraí maidir leis an togra ar taispeáint agus ar fáil lena scrúdú. Tá fáilte roimh achan nduine freastal ar na gcruinnithe eolais seo.