Otharlann Leitir Ceanainn

Tá sé ráite ag Cumann Altraí agus Banchabhrach na hÉireann go gcaithfidh roinnt seibhisí otharlainne agus leapacha a dhruid i roinnt de otharlanna na tire atá faoi churam an ghrúpa saolta de bharr easpa foirne, Otharlann Leitir Ceanainn san áireamh.

Chas ionadaithe ón chumann le bainstíocht shinsireach an ghrúpa Saolta Dé Luain le soileiriú a fháil maidir leis na seirbhisí a bheas ciorruithe á ndéanamh orthu ach níor éirigh leo freagra ar an cheist seo a fháil.

Deir an Cumann chomh maith gur theip ar an ghrúpa Saolta postanna ar bith a thairscint do chéimithe úra in ainneoin folúntais a bheith san Otharlann.

Scoileanna Ildánacha

Roghnaíodh ceithre scoil i nDún na nGall le bheith páirteach i gclár Scoileanna Ildánacha 2019/2020.Mar chuid den chlár, beidh deis acu a bheith gníomhach i gcúrsaí cruithitheacha

Ag fáiltiú roimh an scéala, Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, An Teachta Dála Joe Mc Hugh, go bhfuil an fhoghlaim chruithaitheach fíorthábhachtach le hoideachas iomlán a chur ar fáil don pháiste.

Tá sé maith ó thaobh foghlama agus féinmhúine an pháiste agus go bhfaighfidh siad níos mó deiseanna eolas agus taithí a fháil ar chúrsaí ealaíona.

Is iad na scoileanna a roghnaíodh don chlár ná Pobalscoil Charn Domhnaigh, Scoil Náisiúnta Cholmcille i mBaile na Finne, Scoil Náisiúnta An Céidigh agus Scoil Náisiúnta Rath Dónaill. 

Comharthaí

Glacadh le rún ag Cruinniú Cheantar Bairdis Leitir Ceanainn inné ón Chomhairleoir Contae John O' Donnell go gcuirfí comharthaí in airde ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus in áiteacha a bhfuil coillte le rabhadh a thabhairt don phobal faoin ghalar lyme.

Bíonn an galar Lyme á iompar ag sceartáin agus thig le daoine an galar a fháil óna scairteáin agus iad ag siúl sna cnoic ná sna foraoiseacha.

Andrew Allen

Dúirt na Gardaí ag coiste cróinéara Andrew Allen i mBun Cranncha inniu go bhfuil siad go fóill ag lorg eolais maidir lena dhúnmharú.

Chuala coiste cróineara i mBun Cranncha inniu gur maraíodh Andrew Allen, ceithre bliana is fiche d'aois as Bun Cranncha go neamhdhleathach i 2012.

Maraíodh Andrew Allen ag teach i mBun Cranncha i mí Feabhra 2012 nuair a scaoileadh é.

D'adhmhaigh an grúpa 'Poblachtanaigh in eadan drugaí' gur iad a bhí freagrach as an dúnmharú ach tá sé séannaithe ag a theaghlach go raibh sé bainte le drugaí.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá gá le leapacha breise agus le foireann breise in Otharlann Leitir Ceanainn, le cúram mar is ceart a chur ar fáil d'othair an Geimhreadh seo, a dúirt an Dochtúir Teaghlaigh, Éamonn Mac Giolla Chomhaill.

Tá fadhb san otharlann maidir le easpa altraí agus easpa leapacha, agus tá fadhb fosta de bharr ganntanas pacáistí cúram baile, rud a chuireann moill go minic ar othair  a ligean na bhaile ón otharlann, a dúirt sé.

Chuideodh sé go mór dá mbeadh an barda gearr thréimhseach le cúig leaba dhéag oscailte agus foireann ar fáil fána choinne, le brú a bhaint den otharlann, dar leis.

Dúirt an Dochtúir Mac Giolla Chomhaill go bhfuil gá le córas níos éifeachtaí le othair a ligean na bhaile, agus tuilleadh pacáistí cúram baile a bheith ar fáil.

Beidh sé ina chuidiú mór nuair a bheas an ionad altranais úr tógtha i Leitir Ceanainn, a dúirt sé, le brú a bhaint de Otharlann Leitir Ceanainn.

Seirbhísí Ailse


Tá comhráití ar bun idir Grúpa Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus Cumann Ailse na hÉireann maidir le seirbhísí tacaíochta breise a sholáthar do othair le hailse as an iar thuaisceart a bhaineann úsáid as eitiltí go Baile Átha Cliath le haghaidh cúram Ailse.

Tá iarrachtaí ar bun le go mbeadh daoine ar fáil le castáil le othair ag Aerfort Bhaile Átha Cliath lena dtionlacan chuig a gcoinne otharlainne, agus ar ais arís chun an Aerfoirt i ndiaidh a gcoinne.

Lena chois sin, tá comhráití ar bun idir Grúpa Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall le Aer Lingus le go mbeadh othair ailse as Dún na nGall a bhaineann úsáid as na seirbhísí aeir go Baile Átha Cliath, ábalta úsáid a bhaint as tolglann Aer Lingus ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus iad ag fanacht ag an Aerfort.

Breatimeacht

Níl aird mar is ceart a dhíriú ag an Rialtas ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an Bhreatimeacht ar earnáil bia mara, a deir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.

Tá cuid mhór éiginnteachta san earnáil seo faoi láthair de bharr cúrsaí Breatimeachta, a deir sé, agus níl aon phlean ag an Rialtas le dul i ngleic leis an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine gan margadh, ar an earnáil.

Caithfear níos mó tosaíochta a thabhairt do earnáil seo san réiteach atá ar bun ag an Rialtas don Bhreatimeacht, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir. D'iarr sé ar an Aire Michael Creed na dreamanna ar fad san earnáil a thabhairt le chéile le plean aontaithe a aontú.

Árainn Mhór

Tá teach ósta Killeens ar oileán Árainn Mhór fógraithe le díol arís an tseachtain seo ar shuíomh Daft.ie. Treoir luach de €550,000 atá luaite leis an ostán.

Tá 23 seomra leapa san ostán, tábhairne, bialann agus seomra comhdhála.

Deir an fógra díolacháin go bhfuil an ostán a chur ar an mhargadh mar go bhfuil na húinéirí reatha ag éirí as.