Drioglann Shliabh Liag

Tá ráiteas eisithe ag Comhairle Paróiste Chill Chartha ag cur a ndíomá in iúl maidir leis an scéala go bhféadfadh Drioglann Shliabh Liag a bheith ag aistriú go ceantar eile. Thug an Chomhairle Paróiste tacaíocht don togra ón tús, a dúirt siad,  mar gheall ar an fhostaíocht a chruthódh sé don cheantar, agus na turasóirí a mheallfadh sé go réigiúin an Iar Dheiscirt. Deir an Chomhairle Paróiste go bhfuil súil acu nach bhfuil sé ró-mhall an drioglann uisce beatha a bhí beartaithe don Chlochar, ar an Charraig a shábháil. Tá an pobal i gCill Chartha ag iarraidh an togra seo a choinneáil sa cheantar,  a dúirt urlabhraí an Chomhairle Paróiste , ar mhaithe le eacnamaíocht an cheantair.

Saoire tinnis

Bhí chomhair a bheith 500 ball foirne de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte i réigiún an iarthair,  ar shaoire tinnis de bharr strus le linn 2017. Cuireadh 487 ball foirne ar aghaidh chuig seirbhísí síciatrach agus teiripeoirí anuraidh sa réigiún. Bhain 254 cás acusan le fadhbanna ag an láthair oibre agus cúrsaí strus. Go dtí seo i mbliana, tá chor a bheith 100 ball foirne de chuid na Feidhmeannachta sa réigiún a bhfuil saoire tinnis glactha acu de bharr cúrsaí strus.

John Downey

Tá dáta socraithe anois san Ard Chúirt i Londain do chás sibhialta in éadan John Downey, as na hArdaí i nDún na nGall, maidir leis an ról a líomhnaítear a bhí aige i mbuamáil Hyde Park i Londain i 1982. Cuirfear tús leis an chás ar an Mháirt, an 30ú Deireadh Fómhair i Londain. Maraíodh ceathrar saighdiúir san ionsaí i mí Iúil 1982, agus gortaíodh 31 eile nuair a phléasc buama i Hyde Park. Tá teaghlaigh na mairbh ag glacadh cás sibhialta in éadan John Downey, 66 bliain d'aois, a cuireadh ar a thriail roimhe maidir leis an ionsaí seo roinnt blianta ó shin, ach thit an cás as a chéile. Bhí John Downey ar a sheachnadh ar feadh na mblianta agus chuir Rialtas na Breataine litir chuige i 2007 ag rá leis nach rabhthar a lorg don ionsaí níos mó. 

Rannóg Gaeilge

Tá Rannóg Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na Gall dóchasach go mbeidh suíomh idirlín Gaeilge na Comhairle ar chomh chéim leis an suíomh Béarla roimh Nollaig. Dúirt Séan Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge na Comhairle go bhfuil  sé dóchasach go mbeidh seirbhís iomlán scríofa Gaeilge ar fáil in achan Rannóg sa Chomhairle  faoin Nollaig. D'admhaigh sé go bhfuil obair dhúshlánach idir lámha acu mar go mbíonn cúigear déag ag obair ar an suíomh Béarla ó am go ham, ach nach bhfuil ach beirt ag obair ar an suíomh Gaeilge. Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go mbeidh níos mo tarraingte ar an suíomh Gaeilge nuair a bhéas an obair ar fad críochnaithe ar an suíomh agus é suas chun dáta.

Comharthaí bóthair

Deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis O Fearraigh go bhfuil  gearáin faighte aige faoi  chomharthaí bóthair i nGaoth Dobhair, ag taispeáint  go bhfuil Seirbhís Farantóireachta go hOileán Thoraigh  ag céibh an Bhun Bhig, rud nach bhfuil amhlaidh. Dúirt sé go bhfuil roinnt dena comharthaí seo in airde, ag cur daoine go céibh an Bhun Bhig le seirbhís farantóireachta a fháil go Toraigh, agus go bhfuil turasóirí a gcur ar strae, dá bharr.   Caithfear comharthaí cearta a chur in airde, agus turasóirí a chur i dtreo Mhachaire Rabhartaigh, áit a bhfuil an tseirbhís farantóireachta ag feidhmiú go hOileán Thoraigh, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.

AWARE

Beidh ócáid phoiblí le haird a tharraingt ar chúrsaí meabhair shláinte i Leitir Ceanainn anocht, ócáid atá á reáchtáil ag an eagraíocht AWARE. Is in Óstán an Radisson a bhéas an cur i láthair, dar teideal 'Comhrá faoi ísle brí' idir a 7.00 agus a 9.00 agus bhéarfar eolas fosta faoin tacaíocht ar fad atá ar fáil do dhaoine atá in ísle brí. Sé bunaitheoir Aware, an Dr Pat McKeown a bhéarfaidh príomh chaint na hoíche,  agus beidh aíonna ann ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte i nDún na nGall.