Plean teanga
Bheadh Údarás na Gaeltachta toilteanach castáil le Fóram Pleaineála Teanga Chois Fharraige go han luath - ar mhaithe lena bhfuil ag déanamh imní don cheanneagraíocht a phlé agus a réiteach. Deir Tadhg Ó Conghaile, Stiúrthóir Pleaineála Teanga an Údaráis, go mbeifí ag súil amach anseo, go dtiocfaí ar mhaoiniú a bheadh ceart agus cóir don phleaineáil teanga. Tá sé i gceist ag an Údarás agus Fóram Pleaineála Teanga Chois Fharraige castáil i gcóir cruinnithe an tseachtain seo, nó luath an tseachtain seo chugainn, a deir an stiúrthóir.
Séarachas amh
Tugtar le fios i dtuarascáil na hÁisíneachta Cosanta Timpeallachta a foilsíodh aréir faoi shéarachas amh a bheith dá scaoileadh ar ais i bhfarraige, go bhfuil cheithre cheantar san iarthar a bhfuil sé seo a tarlú ann. Sin iad ceantar an Spidéil, na Ceathrún Ruaidh agus Chloch na Rón i gConamara agus Béal 'a Mhuirthead i Maigh Eo. Cé go ndeirtear go bhfuil sé i gceist Béal a Mhuirthead a bheith ceangailte le hionad cóireála séarachais faoi dheireadh na bliana seo - níl aon eolas tugtha maidir le cén uair a dhéanfaí amhlaidh leis an Spidéal, an Cheathrú Ruadh agus Cloch na Rón.
Uachtar Ard
Tugtar le fios freisin, go bhfuil Uachtar Ard ainmnithe ag an EPA, mar cheantar nach bhfuil na caighdeáin a teacht leo sin atá leagtha amach ó thaobh bailiú fuíolluisce. Ag labhairt dhó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, deir an tAire Stáit Seán Kyne, go bhfuil tástálacha dá ndéanamh ar scéim séarachais Uachtar Árd faoi láthair - agus go mba cheart go mbeadh an córas i mbun oibre go luath. Thug an tAire Stáit le fios freisin, go bhfuil pleain leagtha amach ag Uisce Éireann maidir leis an Spidéal, an Cheathrú Ruadh agus Cloch na Rón - agus go mbeidh tús dhá chur le próiséas comhairliúchán gan mórán achair, faoi na scéimeanna séarachais. Níl aon suíomhanna leagtha amach do na scéimeanna séarachais sna ceantair seo fós, a deir an tAire Stáit Kyne inniu.
Bóthar an N59
Tá sé tugtha le fios ag Bonneagar Iompar Éireann go bhfuil comhlacht ceaptha anois le tástáil a dhéanamh ar chomhdhéanamh bhóthar an N59, idir Bun a'Choill agus an Teach Dóite. Deir an TII le lucht feachtais an bhóthair, go bhfuil sé i gceist go ngabhfadh an comhlacht - Priority Geotechnical, i mbun oibre gan mórán achair agus súil go mbeadh an obair seo críochnaithe roimh dheireadh na bliana. Tá sé ordaithe freisin ag Buneagar Iompar Éireann do Chomhairle Condae na Gaillimhe, dlús a chur leis an bpróiséas dearadh ó thaobh brat bhóthar an N59 siar ón teach dóite...le go mbeifear in ann tosaí ar an obair dhó seo, i dtús na bliana seo chugainn. Thug an eagraíocht le fios freisin, go bhfuil Comhairle Condae na Gaillimhe i mbun suirbhéireacht ar bhail an bhóthair mar atá, agus go mbeifear in ann a dhéanamh amach ansin, an méid oibre a bhéas riachtanach. Tugadh le fios freisin, go bhfuil obair dhearadh ar bun faoi láthair ar chuid den N59 ó thuaidh den Chlochán agus go ngabhfar in oibre ansin luath sa mbliain nua.
Plean teanga
Glacadh d'aonghuth ag an gcruinniú a bhí ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige sa gCrann Taca in Indreabhán aréir nach bhféadfaí glacadh i bprionsabal leis an airgead atá Údarás na Gaeltachta a thairiscint dóibh leis an bplean teanga atá réitithe acu do cheantar Chois Fharraige a fheidhmiú, mar nach leor é. €100,000 in aghaidh na bliana agus fostaí amháin leis an bplean a fheidhmiú atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta ó mhí Mheán Fómhair seo caite, cé go raibh sé leagtha amach i bPlean Teanga Chois Fharraige a aontaíodh mí Márta seo caite le Údarás na Gaeltachta go dteastódh €250,000 in aghaidh na bliana agus triúr fostaí lánaimseartha leis an obair a dhéanamh. Tá an Fóram ag iarraidh cruinniú práinneach anois le Roinn na Gaeltachta agus leis an Údarás féachaint an féidir teacht ar réiteach a chinnteodh go bhféadfaí Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm ina iomláine. Deir Cathaoirleach an Fhóraim, Máire Ní Neachtain, ar an gclár Adhmhaidin, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu - go gcreideann siadsan anois nach féidir tabhairt faoi phleain teanga an cheantair faoi láthair, bunaithe ar na hachmhainní atá curtha ar fáil dóibh.
Adhlacóirí
Tá adhlacóirí i gceantar Chonamara thiar thuaidh tar éis tarraingt amach as an scéim atá ag Cróinéar na Gaillimhe maidir le coirp a thabhairt go dtí an t-ospidéal le scrúdú iarbháis a chur orthu, a deir an Comhairleoir Condae Seosamh Ó Cualáin. Dúirt Michael Owens, an stiúrthóir atá i gceannas ar tháillí maidir leis an gcróinéara, go bhfuil athbhreithniú ar bun ar an scéim faoi láthair. Mura n-árdaítear an maoiniú atá dhá chur ar fáil don chróinéar, deir Owens nach féidir aon athraithe a chuir i bhfeidhm. Ar an gclár Adhmhaidin inniu, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, deir an Comhairleoir Ó Cualáin nach bhfuil sé ceart nach bhfuil ach €57 dhá íoc le hadhlacóirí, le fanacht ag láthair ina mbeadh corp le tabhairt le scrúdú iar bháis, mar go n-íoctar €30 den airgead sin ar an mála a gcuirtear an corp ann. Cuirfidh sé seo brú ar ghaolta na mairbh arsa an Comhairleoir agus deir sé gur seirbhís í seo atá riachtanach sa gceantar.
Seirbhís otharchairr
Aontaíodh ag an gcruinniú a bhí aréir ar an Líonán idir an coiste atá ag éileamh seirbhís cheart otharchairr do thuaisceart Chonamara, agus ionadaithe poiblí Ghaillimh Thiar, go gcuirfeadh na polaiteoirí brú ar an rialtas maoiniú a chur ar fáil don tseirbhís seo. Socraíodh aréir go bhfiosródh na polaiteoirí cén t-allúntas atá sa mbuiséad a fógraíodh coicíos ó shin, le seirbhís otharchairr a chur ar fáil sa gceantar.