Níor fhreastal thar a 100 othar ar choinní i rannóg na nOthar Seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn, an tseachtain is a chuaigh thart, de réir figiúirí atá eisithe.
Nuair nach ndéantar freastal ar choinní lae san otharlann bíonn costais arda ar an otharlann agus cuirtear moill ar othair eile atá ag fanacht ar choinní.
Thug urlabhraí ón otharlann le fios gur ábhair imní é an méid daoine nach dtagann chun na hotharlainne dá gcoinní.
Dúirt an t-urlabhraí go n-athraíonn na figiúirí ó sheachtain go seachtain.
Níor fhreastal 424 othair ar choinní lae san otharlann i mí an Mheithimh i mbliana, agus 110 duine nár thiontaigh suas dá gcoinní an tseachtain is a chuaigh thart.
Seirbhís Úireolaíochta
Níl aon seirbhís úireolaíochta in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair agus tá ar othair fanacht níos mó ná 18 mí le haghaidh coinne mar gheall ar an liosta a bheith chomh fada.
Tugadh an méid sin le fios i dtuairisc a rinne triúr dochtúirí agus a foilsíodh in eagrán na míosa seo don Irish Medical Journal.
Tugadh le fios sa tuairisc go dtagann Dochtúir Comhairleach ó Ghaillimh go Dún na nGall uair nó dhó sa choicís le freastal ar othair ach don mhórchuid go mbíonn ar othair taisteal go Gaillimh.
Dúirt an Dochtúir Rory Stewart gur bhailigh siad eolas maidir le líon na ndaoine sa chontae seo a bhfuil caitaitéar fadtéarmacha acu agus go raibh difir mór sna rátaí i nDún na nGall i gcomparáid le ceantar i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge.
Dúirt sé go bhféadfaí a rá go bhfuil na rátaí níos airde i nDún na nGall mar gheall ar easpa seirbhísí úireolaíochta in Otharlann Leitir Ceanainn.
Daoine ar Thralaithe
Tá 25 ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, seisear san aonad timpiste agus éigeandála agus 19 sna bardaí.
Tá brú mór ar an Aonad Éigeandála le roinnt laetha anois agus iarrtar ar an phobal gan a bheith ag freastal ar an aonad muna bhfuil géarghá leis.
434 othar atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.
Brexit agus Tír Chonaill
Tá sé beartaithe ag Údarás na Gaeltachta seimineár eolais a reáchtáil i nGaoth Dobhair roimh Nollaig dírithe ar an Bhreatain a bheith ag fágáil Aontas na hEorpa.
Tá Scéim dar teideal "Bí Réidh" á reáchtáil ag an Údarás i gcomhar le Fiontar Éireann áit a ndéanfar léirmheas ar chomhlachtaí maidir le chomh ullmhuithe agus atá siad don uair a fhágfaidh an Bhreatain an tAE.
Beidh comhairle agus treoir á chur ar fáil do chomhlachtaí fosta ag an seimineár.
Déanann na comhlachtaí móra déantúsaíochta Euroflex, Faisc Miotail Teo agus RA Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair 90% dá gcuid earraí a onnmhuiriú go dtí an Bhreatain ach dúirt Feidhmeannach Forbartha Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill, Donnachadh Ó Baoill go bhfuil sé tábhachtach fosta go mbeadh comhlachtaí beaga ullmhuithe d'imeacht na Breataine ón Aontas.
Aire Stáit an OPW
Bhéarfaidh an tAire Stáit in Oifig na n-oibreacha Poiblí, Kevin Boxer Moran, cuairt ar Dhún na nGall inniu. Beidh sé sna Cealla Beaga ar 4.30 tráthnóna inniu agus ar an Mhachaire ar a 6.00 tráthnóna.
Amárach, cuirfidh sé tús lena chuairt ar 8.30 ar maidin i Machaire Rabhartaigh. Rachaidh sé ansin go ceantar Ghleann na Finne, agus ansin go hInis Eoghain. Beidh sé ar cuairt ar cheantar Bhaile Dhún na nGall Dé Ceadaoine.
Bhéarfar eolas don Aire Stáit Moran ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an scrios a rinne tuillte in Inis Eoghain mí Lúnasa agus an fhadhb leanúnach atá le tuillte sna Cealla Beaga.
Dúirt an tAire Stáit Moran go bhfuil sé de dhualgas ar ionadaithe poiblí agus ar Chomhairleoirí Contae a chinntiú go gcuirtear méid áirithe airgid ar leathtaobh ina mbuiséad le déileáil leis na deacrachtaí a tharlaíonn mar gheall ar thuillte.
Beidh clár píolóta a fhógairt aige go luath le cinntiú go nglantar aibhneacha agus díogacha go rialta feasta.
Inis Eoghain
Tá sé i gceist ag Comhairle Chontae Dhún na nGall conraitheoirí príobháideacha a fhostú le cuidiú le obair fheabhsúcháin in Inis Eoghain.
Rinne tuillte scrios ollmhór ar bhonneagar na leathinise 2 mhí ó shin agus dúirt an t-innealtóir sinsearach Brendan Ó Domhnaill go raibh gá le tuilleadh cuidigh leis an obair fheabhsúcháin ar fad a chur i gcrích. Dúirt sé gur obair dheisiúcháin ar dhroichid agus obair dhraenála is mó atá le déanamh go fóill agus go bhfuil na príomhbhóithre uilig foscailte, ach cuid acu nach bhfuil ach lána amháin foscailte.
Dúirt Brendan Ó Domhnaill go bhfuil súil aige go mbeidh na bóithre foscailte go hiomlán roimh dheireadh na míosa seo chugainn.
Maidir le cúrsaí airgid, deir sé go bhfuil se sásta leis an tacaíocht atá á fháil ag Rannóg Bóithre na Comhairle ón Rialtas.
I.T. Leitir Ceanainn
Beidh Aonach Gairmeacha Beatha agus Staidéar Iarchéime ar siúl inniu in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, an 4ú bliain déag don ócáid a bheith ar siúl.
Bhéarfar deis do dhaoine castáil le fostóirí agus eagraíochta gairmiúla agus comhairle a fháil maidir le staidéar iarchéime.
Dúirt Catherine Lyster, Oifigeach Gairmeacha na hinstitiúide gurbh í an ócáid gairmeacha is mó san Iar Thuaisceart agus go mbeadh eolas á thabhairt ar réimse leathan d'earnálacha.
Beidh sé ar siúl ó mheánae go dtí a 3 a chlog.