Tá na Gardaí i dTrá Lí i mbun fiosraithe maidir le bás fhear os cionn 70.

Fritheadh a chorp taobh amuigh do theach ar ar an mBóthar Buí ar an mbaile ag a 7.15 aréir.

Tá an corp fós ar an láthair, an Cróinéir áitiúil curtha ar an eolas faoi, agus an suíomh caomhnaithe.

Stiúiroeidh torthaí scrúdú iarbháis a deanfar níos deanaí fiosrúchán na nGardaí.

Fear maraithe i dtionóisc

Maraíodh fear os cionn 50 i dtionóisc in Iarthar Chorcaí tráthnóna inné, agus é ag obair ar bhothán a raibh damáiste déantadhe ag stoirmeacha na seachtaine seo caite.

Bhí an té a maraíodh ar mheaisín ardaithe ag deisiú díon an bhotháin ar fheirm ag an gCill Gharbh ar chiumhais Chloch na Coillte.

Táthar den dtuairim gur thit sé den mheaisín agus gur maraíodh é.

Cúram Leanaí sna Déise

Tá gá le hionad cúram leanaí i Rinn Ó gCuanach sna Déise chun an téileamh atá ar sheirbhísí don aos óg sa cheantar a shásamh a deir Eoin Ó Cadhla, Cathaoirleach Choiste Forbartha an Ionaid in agallamh le Adhmhaidin.

Tionóladh cruinniú poiblí sa Rinn an tseachtain seo caite chun an scéal a phlé, agus chun teacht ar phlean chun breis spáis a chur ar fáil do na seirbhísí ar fad atá á gcur ar fáil do leanaí in Ionad Pobal na Rinne fé láthair.

Ionad Breisoideachais i nDaingean Uí Chúis

Is é an tAire Sóisir Spóirt, Iompair agus Turasóireachta, Breandán Ó Grífín, Fine Gael, as Ciarraí, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar Ionad Breisoideachais Chiarraí i nDaingean Uí Chúis tráthnóna ag a 4 a chlog.

I dTig na Ríseach ar an mbaile a bheidh na ranganna á gcur ar fáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, foirgneamh atá tógtha ar léas ag an eagraíocht ar feadh 5 bhliana.