Gabhfaidh an infheistíocht €60milliún atá le déanamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh go mór chun sochair na Gaillimhe agus na hOllscoile féin a deir an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Pobail, Achmhainní Nádúrtha agus Cúrsaí Digiteach, Seán Kyne.

Fógraíodh ar maidin, gur iasacht de chuid Bhanc Infheistíochta na hEorpa atá i gceist agus go dtógfar Coláiste Nua Leighis, Altrachta agus Eolaíochta chomh maith le lóistín nua do mhic léinn ar an gcampas ar Bhóthar na hOllscoile sa gCaisleán Nua.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go bhfuil réimse láidir, fuinniúil oideachais rí-thábhachtach do Ghaillimh ar chúiseanna go leor, mic léinn reatha na hOllscoile ina measc agus iad siúd atáthar ag iarraidh a mhealladh le dhul i mbun staidéir sa gcathair.

Tabharfaidh na milliúin euro atá le n-úsáid do thograí ar nós an Choláiste Nua Leighis deiseanna go leor do lucht foghlama cur lena gcuid scileanna a deir Seán Kyne. 

Thug sé le fios go gcuirfeadh na háiseanna nua borradh faoi chúrsaí taighde agus foghlama, rud a chuireann borradh dhá réir faoin ngeilleagair áitiúil agus faoi chúrsaí fostaíochta.

Tá tábhacht go leor ag baint le hinfheistíocht i gcúrsaí leighis agus na n-eolaíochtaí sláinte mar go gcoinneofar go leor de na postanna atá san earnáil teicneolaíochtaí leighis anseo san Iarthar a deir an tAire Stáit.

Plean Teangan Chois Fharraige

Pléifear an tairiscint atá tagtha ó Údarás na Gaeltachta faoi fheidhmiú phlean teangan do cheantar Chois Fharraige ag cruinniú de chuid an Fhóram Pleaneála Teangan a bheas ar bun sa gCrann Taca ag a 8 a chlog tráthnóna.

Is iad Fóram Pleanála Teangan Chois Fharraige an cheanneagraíocht a réitigh plean teangan don cheantar Gaeltachta a shíneann ó Na Forbacha siar go Ros a' Mhíl, plean a cuireadh faoi bhráid Údarás na Gaeltachta mí na Nollag 2016.

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Joe Mc Hugh an phlean ag ócáid i nGaoth Dobhair an 21ú Meán an Fhómhair ach tugadh le fios nach mbeadh ach €100,000 ceadaithe don chéad bhliain leis an bplean a fheidhmiú agus duine amháin fostaithe.

Bhí Plean Teangan Chois Fharraige bunaithe ar thriúr a bheith fostaithe go lánaimseartha agus maoiniú €250,000 in aghaidh na bliana a bheith ar fáil.

Céim Oinigh bronnta ar Enda Kenny

Bhronn Ollscoil na hÉireann Gaillimh céim oinigh ar an iar-Thaoiseach Enda Kenny tráthnóna.

Dochtúireacht sa dlí atá faighte ag an iar-Thaoiseach.

Sé Seansailéir na hOllscoile an Dr. Maurice Manning a bhronn an dochtúireacht air agus sé Uachtarán na hOllscoile an Dochtúir Jim Browne a chuir i láthair é.

Dé Luain seo caite a bhí an chéim oinigh le bronnadh ar Enda Kenny ach b'éigean é a chur siar go dtí inniu mar gheall ar Stoirm Ophelia.

Tá sé de nós ag Ollscoil na hÉireann le fada, onóir a thabhairt d'iar-Thaoisigh.

Tá an t-aitheantas sin tugtha acu do Bhrian Cowen a fuair é i mbliana, do Bhertie Ahern sa mbliain 2006 agus do John Bruton sa mbliain 2005.

Bóthar Dhoire Fhearta

Dúradh ag cruinniú poiblí a d'eagraigh Coiste Bhóthar Dhoire Fheárta aréir nach bhfuil fhios cén pointe ag a n-imeoidh an bóthar faoi chosa an dream a atá dhá úsáid ag an áit a bhfuil an bóthar ag tabhairt uaidh.

Ós cionn 60 a d'fhreastal ar an gcruinniú poiblí a bhí sa gCrompán ar an gCeathrú Rua le cás an bhóthair a phlé.

Tá feachtas ar bun leis an an bpíosa den bhóthar atá ag tabhairt uaidh a réiteach ar bhonn práinne, chomh maith leis an mbóthar a leathnú agus cuid de na casachaí contúirteacha atá ann a bhaint as. B’fhearr an bóthar a réiteach ina phíosaí de réir mar a bhíonn airgead ar fáil.

Is é tuairim an choiste gurb é sin an bealach is ciallmhaire, is saoire agus is scioptha tabhairt faoin mbóthar a  réiteach, bunaithe ar an gcomhairle atá faighte acu. 

Dochtúir ar an gCeathrú Rua

Tá 3 mhí eile curtha le conradh an Dr. Ali ar an gCeathrú Rua ón 6 lá de mhí na Samhna agus tá sé sásta glacadh leis sin.

Tá an t-eolas sin tugtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don Teachta Dála Catherine Connolly.

Tugadh le fios di freisin go bhfuil an post buan do dhochtúir teaghlaigh ar an gCeathrú Rua fógraithe arís agus go bhfuil go dtí Déardaoin, an 26ú den mhí seo, le cur isteach air.

Tá conradh eatramhach ag an Dr. Ali ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ón 7ú Lúnasa.

Tháinig sé in áit an Dochtúra Mary Feerick a d'éirigh as a cuid oibre i mbliana agus táthar fós sa tóir ar dhochtúir teaghlaigh le theacht go buan ina háit.

Ollscoil na Gaillimhe

Táthar le na milliúin euro a chur ar fáil d'Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar mhaithe le háiseanna na háite a fhorbairt sna blianta seo romhainn.

Iasacht €60 milliún de chuid Bhanc Infheistíochta na hEorpa atá i gceist agus tógfar Coláiste Nua Leighis, Altrachta agus Eolaíochta chomh maith le lóistín nua do mhic léinn ar an gcampas ar Bhóthar na hOllscoile sa gCaisleán Nua.

Deir Uachtarán na hOllscoile an Dr. Jim Browne go raibh clár caipitil forbartha 10 mbliana na h-insitiúide oideachais ag teacht chun críche agus go raibh an obair thógála don lóistín faoi lán tseoil cheana féin.

Thug an Dr Browne le fios freisin go gcuirfeadh an iasacht ó Bhanc Infheistíochta na hEorpa ar chumas Ollscoil na hÉireann Gaillimh an t-ionad nua bitheolaíocht daoine a chríochnú.