Mol Teichneolaíochta
Ag labhairt dí ar an gclár Ádhmhaidin ó chianaibh, dúirt áisitheoir an Mhol Teichneolaíochta sa Chúilín sa Daingean, Cristín Ní Mhóráin, gur an dheis an áit do mhuintir Chorca Dhuibhne, go bhfuil spéis acu filleadh abhaile chun oibre. Dúirt sí go bhfuil gach áis teicneolaíochta nua aimseara sa Mhol Teic , agus áiteanna ar fáil ann le tógaint ar cíos ar feadh lae nó ar feadh míosa. Tá roinnt mhaith daoine ag baint úsáid as an áit fé láthair, a deir Cristín,idir dhaoine aonaracha agus gnóanna, cé na tuigeann roinnt do mhuintir na háite i gceart cad atá san áit a dúirt sí. Tá ócáid a bheartú ag Banc na hÉireann sa Daingean tráthnóna inniu, ócáid ar a bhfuil An Daingean, baile Fionntraíochta, baistithe air. Sé an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt Breandán Ó Grífín a dheanfaidh an oscailt oifigiuil ar a 6 a chlog, agus deanfaidh aoí speisialta an tráthnóna, an saineolaí Rugair Brent Pope Gradam Bizworld na mBunscoileanna a bhronnadh, agus labharfaidh sé i ndiaidh an bhronnadh. Seolfaidh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Scoil barr Feabhais, chun oiliúint a chur ar fáil do dhéagóirí a bheadh ag cuimhneamh ar chaid sinsear idirchontae a imirt, ag ócáid na hóiche anocht chomh maith. Cúrsa seachtaine a bheidh anso, a léireoidh dos na déagóirí cad a chaithfidh siad a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach.
Réidh na nDoirí
Tá pobal Réidh na nDoirí ag fulaingt na laethanta seo toisc , gan aon aibhléis a bheith acu ó mhaidin Dé Luain seo'migh tharainn. Níor oscail Scoil Náisiúnta Réidh na nDoirí fós an tseachtain seo agus ní bheidh sí oscailte ach an oiread inniu. Tá ceithre chrann a leag an stoirm ansan fós ag cur as do línte cumhachta aibhléise . Tá sé curtha in iúl ag ball den bpobal do Nuacht an Deiscirt go bhfuil sé deacair ar theaghlaigh ina bhfuil leanaí óga agus seanóirí. Tá sé curtha in iúl ag an mBord Soláthair Leictreachais go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeadh an chumhacht aibhléise ar ais i Réidh na nDoirí faoina a 8.00 a chlog oíche amáireach.
Logainmneacha
Beidh éisteacht san Ardchúirt i mBleá Cliath inniu fé chás logainmneacha Gaeltachta a d'eascair as toghairmeacha dlí a d'eisigh na Gárdaí do thiománaithe chun teacht os comhair Chúirt Dúiche Mhaigh Chromtha agus iad cúisithe le coireanna tráchta ar phríomhbhóthar an N a 22 trí Bhaile Bhúirne.
Bhí láithreacha na gcoireanna a cuireadh ina leith i mBéarla. Tá Cúirt Mhaigh Chromtha ag iarraidh ar an Ardchúirt an raibh an t-ionchúiseamh dleathach, agus mura raibh, an féidir na toghairmeacha a leasú leis an leagan Gaelainnne des na logainmneacha. Tá breis is fiche cás ag brath ar an mbreith.