Pramerica
D'oscail campas úr chomhlacht Pramerica i Leitir Ceanainn inniu. Tá 1,500 duine fostaithe ag comhlacht Pramerica i Leitir Ceanainn. Thosaigh an comhlacht seo i Leitir Ceanainn sa bhliain 2000 nuair nach raibh fostaithe acu ach ochtar. Thréaslaigh an Tánaiste agus an tAire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, Frances Fitzgerald le Pramerica. Dúirt sí gur sampla eile é seo de mar atá ag éirí le polasaí an rialtais maidir le forbairt sna réigiúin. Tá campas úr an chomhlachta ag Páirc Ghnó agus Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Otharlann Leitir Ceanainn
Bhí cuid mhór othair ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn arís inniu. Seachtar agus fiche atá ar thralaithe san otharlann inniu. Bhí 38 othar ar thralaithe ansin inné agus 38 an lá roimhe sin fosta.
Foláireamh aimsire
Tá foláireamh aimsire stádas buí eisithe ag Met Éireann do Dhún na nGall agus fearthainn throm a thuar. Tá an stádas aimsire seo i bhfeidhm ón 9.00 ar maidin inniu go dtí'n 9.00 san oíche amárach. Táthar ag tuar go dtitfidh idir 30 mm agus 50mm fearthainne le linn an tréimhse sin.
Scéim Athnuachan
I bhfigiúirí a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, léirítear nár caitheamh aon chuid den €380,000 a ceadaíodh do Chomhairle Contae Dhún na nGall faoi Scéim Athnuachan Bailte agus sráid bhailte. Deir an Chomhairle Contae go mbeidh 90% de thograí faoi scéim CLÁR curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana, agus go mbeidh céad chodán ard den mhaoiniú faoi scéim Athnuachan Bailte agus sráid bhailte caite roimh Mhárta 2018.
Grúpa Infheistíochta Dhún na nGall
Beidh cruinniú ginearálta speisialta ag Grúpa Infheistíochta Dhún na nGall i mí na Nollag le cead na scairshealbhóirí a lorg le go ndíolfaidh an comhlacht a sciar i gcomhlacht Monaghan Mushrooms. Beidh €45m a fháil ag Grúpa Infheistíochta Dhún na nGall, nó Uachtarlann Dhún na nGall, mar a bhíodh air, as an díolachán seo. Tá aighneas le tamall faoin luach a bheadh le híoc as díol sciar Ghrúpa Infheistíochta Dhún na nGall i gcomhlacht Monaghan Mushrooms. 30% de sciar atá ag Grúpa Infheistíochta Dhún na nGall sa chomhlacht. Tá an figiúr €45m a bheas le híoc leo i bhfad níos mó ná an €26m de luach a chur an Ard Chúirt ar sciar an chomhlachta, i ndiaidh aighneas dlíthiúil idir an dá pháirtí, a mhair ceithre bliana. Seo an dara díolachán mór mar seo ag Grúpa Infheistíochta Dhún na nGall i mbliana. Dhíol an comhlacht feirm orgánach 1,300 acra ar Eastát an Ghrianáin i mBeart ar chostas €17.4m le comhlacht fuinnimh gaoithe inathnuaite, Glenmore Estates, níos luaithe sa bhliain.
Údarás na Gaeltachta
Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil tús curtha ag an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí leis an phróiseas le iarratais a lorg ó dhaoine ar suim leo suim a léiriú le bheith mar bhall de Bhord úr Údarás na Gaeltachta. Tiocfaidh deireadh le tréimhse reatha an bhoird ar an mhí seo chugainn, i ndiaidh cúig bliana. Rinneadh beirt as Dún na nGall a ainmniú mar chomhaltaí boird i 2012, Eunan Mac Cuinneagáin as an Charraig agus Seán Ó Cuirreáin as Cloich Cheann Fhaola. Is í Anna Ní Ghallachóir as Árainn Mhór Cathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Beidh deireadh leis an bhord sin ar an 19ú Samhain agus tá go dtí'n 9ú lá de Shamhain ag an phobal iarratas a dhéanamh ar an suíomh idirlín stateboards.ie
Uisce Éireann
Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir roimh an scéal go bhfuil an obair críochnaithe an tseachtain seo ag Uisce Éireann ar sholáthar uisce Bhaile na Finne a cheangal le soláthar uisce na nGleanntach. Rinneadh infheistíocht de €1.1 milliún sa chóras uisce, le cinntiú go mbeidh caighdeán uisce Bhaile na Finne feabhsaithe go mór. Leagadh chor a bheith cúig chiliméadar de phíopaí uisce sna Gleanntaí, Baile na Finne agus Mín a Halla agus tógadh dhá stáisiún caidéil mar chuid den togra. Is i Srath Buí agus sna Sealagáin a tógadh na stáisiúin caidéil. Bhí an frídín cryptosporidium i gcóras uisce Bhaile na Finne agus tá leibhéal ard den cheimic THM san uisce fosta, agus táthar ag súil go laghdóidh seo mar gheall ar an obair chothabhála. Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir go bhfuil dul chun cinn maith a dhéanamh ag Uisce Éireann ar a gclár infheistíochta de €5m i nDún na nGall.
Cuairt Aire Stáit
Tá fáilte curtha ag urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh roimh an scéala go mbeidh an tAire Stáit a bhfuil cúram Oifig na nOibreacha Poiblí air, Kevin Boxer Moran, ar cuairt ar Dhún na nGall ag tús na seachtaine seo chugainn. Beidh sé ar cuairt ar cheantair sa chontae a ndearna tuilte damáiste le tamall, agus casfaidh sé le grúpaí agus pobail cois cósta le plé a dhéanamh ar chás na dtuilte agus creimeadh cósta chomh maith. Deir an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil lúcháir air gur thoiligh an tAire Boxer Moran castáil le grúpaí ón Mhachaire agus ó Mhachaire Rabhartaigh agus ó Ghleann na Finne, a bhfuil imní orthu faoi chreimeadh cósta, ar iarratas uaidh féin. Beidh an tAire Boxer Moran i nDún na nGall Dé Luain agus Dé Máirt seo chugainn.
Plean Náisiúnta Forbartha
Caithfidh an Plean Náisiúnta Forbartha atá a chur le chéile faoi láthair, agus a bhfuil tuairimí an phobail a lorg faoi, a chinntiú nach mbeidh tionchar diúltach ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar an tír seo, a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh. Dúirt sé fosta go gcaithfear ceangal láidir a choinneáil leis na Sé Contae, agus caithfear a chinntiú fosta nach mbeidh teorann ann mar a bhíodh san am a chuaigh thart. Tá tacaíocht láidir a thabhairt ag an Rialtas don chomhoibriú tras teorann atá idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, a dúirt sé. Chuir sé fáilte roimh fhógra an Taoisigh maidir le maoiniú do bhealach an A5, agus dúirt sé go mbeidh infheistíocht bhreise san iar thuaisceart ag eascairt as an togra bóthair sin. Rinne sé a chuid cainte ag cruinniú a bhí ag páirtí Fhine Gael i Srath an Urláir aréir.
Cearta bealaigh
Ní bheidh cinneadh a dhéanamh ag an Bhord Pleanála go dtí'n 21ú d' Fheabhra 2018 maidir le cearta bealaigh go dtí Áirse Mhór Pholláide i bhFánaid. Léiríodh cuid mhór feirge sa tSamhradh mar gheall ar chearta bealaigh go dtí an Áirse Mhór nuair a cuireadh bac ar an chead bealaigh isteach fhad leis an láthair féachana, agus trá in aice leis an Áirse. Tá an Áirse farraige seo cóngarach do Theach Solais Fhánada agus meallann an radharc cuid mhór cuairteoirí. Dúirt an pobal áitiúil ag an am go raibh cearta bealaigh ansin le 150 bliain. Cuireadh an cás ar aghaidh chuig an Bhord Pleanála agus dhéanfaidh an Bord cinneadh an bhfuil cead pleanála ag teastáil maidir le druid an bhealaigh. Tá socrú déanta le húinéirí talaimh faoi bhealach eile gur féidir a úsáid.