Scéim Feabhsúcháin Bóithre

Tá sé ina imní ar roinnt daoine i gCois Fharraige faoin tsuim airgid atá le n-íoc acu le caoi a chur ar bhóithre faoin Scéim Feabhsúcháin Bóithre LIS atá ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Cosnaíonn sé €20 chuile mhéadar cearnach bóthair a dhéanamh. Dúirt daoine a labhair le RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil siad thar a bheith mí-shásta leis an bpraghas seo. Creideann siad go bhfuil leas á bhaint ag lucht na Comhairle Contae as an scéim seo le pá na n-oibrithe a íoc. Cheap siad go dtiocfadh an pá seo as ciste náisiúnta, ach baineadh siar astu é nuair a cuireadh ar na súile dóibh gurb iadsan a bheadh ag íoc pá na n-oibrithe. Tá ar an bpobal 15% den chostas a bhaineann leis an obair ar na bóithre a sheasamh.

Costas 

Dúirt an t-innealtóir Damien Mitchell ó Chomhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil rudaí go leor le cur sa gcomhaireamh sa gcostas a bhaineann le caoi a chur ar chuile bhóthar agus nach aon eisceacht í an scéim LIS.   Dúirt sé nach mar a chéile an costas a bhíonn ag baint le chuile 100 méadar bóthair. Thug sé le fios go mbíonn pá agus costas na n-oibrithe a bhíonn ag obair ar aon togra sa gcomhairle contae ceangailte le buiséad na hoibre a bhíonn ar bun acu mar gurb sin é an córas atá leagtha amach ó thaobh cúrsaí cuntasaíochta. Dúirt sé go bhfuil brú orthu de bharr nach bhfuil a ndóthain foirne acu le hobair na Comhairle a dhéanamh agus go mbeidh orthu conraitheoirí a fhostú. Tá scrúdú iomlán déanta ag innealtóirí ar na bóithre sa scéim LIS seo agus tá costas na hoibre leagtha amach de réir an eolas atá bailithe acu.  

Údarás na Gaeltachta


Beidh beirt ar a laghad ag cur a n-ainm chun cinn le hainmniúchán a fháil ó Chomhairle Contae Maigh Eo le dul ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá sé tugtha le fios ag an gcomhalta reatha, Ian Mac Aindriú, go mbeidh sé ag cur a ainm chun cinn agus thug Comhairleoir Contae le Fianna fáil i Maigh Eo, John Caulfield, le fios go  mbeidh sé féin ag déanamh an rud céanna. Tuigtear d'RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil iarrthóir eile de chuid Fhianna Fail ag cuimhniú a n-ainm a chur chun cinn don fholúntas freisin. Beidh cruinniú míosúil Chomhairle Contae Maigh Eo ar bun Déardaoin seo chugainn.