Cónascadh comhairlí

Céim ar gcúl a bheadh i gcónascadh Chomhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe a deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív. Deir sé gur léiríonn an tuarascáil eatramhach a d'fhoilsigh an sainghrúpa comhairliúchán i mí Iúil, go mbeadh ceantracha tuaithe, Gaeltachta agus oileáin sa gcontae siar leis dá ndéanfaí an cónascadh seo. Deir an Teachta gur déanadh neamhshuim iomlán den Ghaeltacht sa tuarascáil eatramhach. Cé gur moladh inti go mbunófaí struchtúr nua a bheadh ag plé leis an bhforbairt eacnamaíoch sa gcathair agus sa gcontae i gcomhar leis an IDA, Enterprise Ireland agus na hinstitiúidí tríú leibhéal, ní raibh trácht ar bith ar Údarás na Gaeltachta. Tá an Teachta Ó Cuív den tuairim go bhfuil an rialtas ag iarraidh chuile shórt a bheith lonnaithe sna cathracha feasta.   Ní mór don dá Chomhairle a gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí a deir sé, ach ní réiteach ar an scéal é údarás nua a bhunú a bheadh freagrach as an gceantar uilig as Inis Bó Finne go dtí an tSionainn. Deir sé freisin go mbeadh áiteacha in iarthar Chonamara fágtha gan ionadaí poiblí sa gComhairle mar gheall ar an difríocht mhór atá idir an daonra faoin tuath agus daonra na cathrach. 

Iascach Intíre

Beidh seisiún eolais réigiúnach ag Iascach Intíre Éireann in Óstán Pháirc Mhionlaigh i nGaillimh tráthnóna, faoi na cistí nua forbartha a fógraíodh do bheartais chaomhnaithe agus do thograí slat iascaireachta an mhí seo caite. Trí cinn de chistí uilig atá i gceist.  Beidh 500,000 euro le caitheamh ar Chaomhnú Bradán, 50,000 euro ar chúrsaí iascaireachta lártíre agus  1.5m euro ar thograí slat iascaireachta. Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne, a bhfuil cúraimí iascach intíre air, gur cheart d'eagraíochtaí slat iascaireachta, grúpaí pobail, agus údaráis áitiúla leas a bhaint as an airgead a bheas le fáil.  Tá na ceardlanna réigiúnacha seo á gcur ar bun ag Iascach Intíre Éireann le treoir agus eolas a chur ar fáil dóibh siúd a  mbeadh suim acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Cuirfear tús leis an seisiún eolais tráthnóna ag 7pm.

Spéirling Harvey

Tá teach a bhí ag fear as Cor na Rón, Indreabhán sna Stáit Aontaithe scriosta don tríú huair, de bharr na spéirlinge Harvey. Tá Pat Jimmy Pháidín Ó Coincheanainn a bhfuil 35 bliain caite aige i Meiriceá, ag cur faoi i gcathair Hudson i stát Texas Mheiriceá. Dúirt sé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach bhfuil sé i gceist aige an teach a thógáil arís.  Níor gortaíodh a bhean ná é fhéin nuair a tharla an scrios. Dúirt sé go ngoilleann sé go mór ar dhuine, nuair a dhéantar scrios den chineál seo ar mhaoin pearsanta.

Cruinniú faoi chónascadh

Tá cruinniú le bheith inniu ag comhairleoirí Contae agus comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe le hionadaithe ón gcoiste comhairleach atá ag moladh go ndéanfaí cónascadh ar an dá Chomhairle. Pléifear ag an gcruinniú seo na moltaí atá déanta ina dtuarascáil ag an gcoiste comhairleach. Tá imní mhór ar chomhairleoirí Contae go mbeidh ceantrachaí tuaithe agus Gaeltachta sa gcontae siar leis, má shocraíonn an coiste nach mbeidh ann ach an t-aon rialtas áitiúil amháin i nGaillimh. Tá siad ag moladh freisin nach ndéanfaí aon athrú ar theorainneacha na cathrach mar má chailltear cuid den cheantar atá faoi stiúir na comhairle contae go mbeidh titim mhór ar an teacht isteach ó rátaí. Casfaidh an Coiste comhairleach ar dtús tráthnóna leis na Comhairleoirí contae, agus ina dhiaidh sin, leis na Comhairleoirí Cathrach.

Feabhsúcháin Aitiúil

Dúirt an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur cheart do dhaoine a bhíonn ag baint leas as bóithre nach bhfuil faoi chúram na comhairle contae, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú le caoi a chur orthu faoin scéim Feabhsúcháin Aitiúil. Tá an scéim á tabhairt ar ais den chéad uair le sé bliana agus deis anois ag daoine iarratas a dhéanamh le go ndeasófaí bóithre portaigh, bóithre ag reiligeachaí agus bóithre a cheanglaíonn dhá bhóthar poiblí lena chéile. Níl a fhios fós cé mhéad airgid a bheas ar fáil don scéim seo.  Caithfidh an pobal áitiúil sciar ar fiú idir 10% agus 15% den chostas iomlán é a chur ar fáil, sula dtabharfar faoin obair. Caithfidh na hiarratais a bheith faighte ag an gComhairle Contae faoin 4pm a chlog tráthnóna amárach.

Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá Máire Áine Uí Ailín ceaptha ina hOifigeach Forbartha ar an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Chaith sí seacht mbliana ag obair mar Oifigeach Ealaíne don Óige leis an eagraíocht phobail Pléaráca Teo. Is í a bhí freagrach as clár Litríochta agus Drámaíochta na heagraíochta.   Tá tamall caite aice freisin ag obair le léiriúcháin teilifíse. Chuaigh Máire Áine Uí Ailín i mbun a cuid cúraimí ag tús na míosa seo,  san ionad SPLANC ar an gCeathrú Rua.