Sliabh a Liag
Tá imní ar úinéirí talún i gceantar Shliabh a Liag i ndeisceart Dhún na nGall nach mbeidh dul chun cinn ar bith déanta maidir le cosáin siúil agus forbairtí eile ar an sliabh an samhradh seo. Dúirt Gene Eoghan Ó Curraighin, go bhfuil clocha móra caite ar an sliabh le ceithre bliana, nach raibh fóirsteanach le cur i gcasáin siúil, agus nach bhfuil an chuma ar an scéala go mbogfar iad roimh i bhfad. Tá aighneas idir úinéirí talún ar dhá thaobh an tsléibhe a deir sé, agus níl réiteach le fáil ar an chás ag an staid seo. Tá cruinniú práinneach a lorg ag úinéirí talún leis an Chomhairle Contae lena gcás a phlé.
Eddie Fullerton
Níl an fhírinne faighte ag teaghlach an Chomhairleora Contae Eddie Fullerton, a dúnmharaíodh i 1991, a dúirt ball comhthionóil pháirtí Shinn Féin, Barry McElduff. Dhúnmharaigh an UDA an Comhairleoir Eddie Fullerton ó Shinn Féin, ag a theach cónaithe i mBun Crannacha, ar an 25ú Bealtaine 1991. Dúirt Barry McElduff to bhfuil fiosrúchán poiblí neamhspleách a lorg le fada ag teaghlach Eddie Fullerton faoina bhás. Tá ceisteanna tromchúiseacha le freagairt, a dúirt sé, faoi chlaonpháirteachas idir lucht faisnéise na Breataine agus an dream ón UDA a dhúnmharaigh an Comhairleoir Fullerton, agus fosta ról na nGardaí san fhiosrúchán, a dúirt sé.
An crotach
Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys ag iarraidh ar bhunadh Dhún na nGall dhul i dteagmháil le Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra má fheiceann siad an t-éan, an crotach. Tá an crotach iontach neamhchoitianta anois, agus ar cheann de héin is mó faoi bhagairt sa tír, de réir Éanlaith Éireann. Feictear agus cloistear an crotach i gcuibhrinn nó amuigh ar an chaorán de ghnáth, agus tá plean caomhnaithe ar bun ag Aonad Talmhaíochta agus Timpeallachta na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis na héin a aimsiú agus a chuntas i nDún na nGall. Díreoidh an plean ar Dhún na nGall, Ciarraí, Loch Rí ,Tuaisceart Ros Comáin agus Liatroma, Muineachán agus Loch Coirib.
Otharcharranna
Tá imní léirithe ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir faoi chaighdeán na seirbhíse otharcharranna i nDún na nGall faoi láthair. De réir eolais atá faighte aige tá laghdú 16% ar sheirbhís na nOtharcharranna sa chontae i gcomparáid le 2008 agus 2012. Dúirt an Teachta Ó Gallachóir nach bhfuil go leor acmhainní nó maoiniú a chur fáil le seirbhís sásúil a sholáthar do phobal Dhún na nGall. Tá treoir leagtha ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte áit a gcaithfidh otharcharr freastal ar othair taobh istigh de 20 bomaite, ach deir an Teachta Ó Gallachóir go mbeadh deacrachtaí móra ag Seirbhís na n-otharcharranna an treoir seo a chomhlíonadh mar gheall ar easpa acmhainní, infheistíochta agus foirne.
Tiomáint ghasta
Tá na Gardaí ag iarraidh ar thiománaithe gan a bheith ag tiomáint ró ghasta ar bhóithre i nDún na nGall inniu mar pháirt dá bhfeachtas sábháilteachta atá a reáchtáil acu i gcomhair le Údarás Sábháilteacht na mBóithre. Beidh Gardaí ag coinneáil súil ar luas ar bhóithre ar leith ar fud na tíre, ina measc, bealach an N14 ó bhaile Leitir Ceanainn. Cuireadh tús leis an fheachtas ar a 7.00 ar maidin inniu agus leanfaidh an feachtas go dtí'n 7.00 ar maidin amárach.
Timpistí ar fheirmeacha
Ní ábhar iontais ar bith torthaí tuairisce a léirigh gur earnáil na feirmeoireachta an earnáil is mó ina dtarlaíonn timpistí tragóideacha, a deir urlabhraí talmhaíochta Fhianna Fáil, an Teachta Dála Charlie McConalogue. Léirigh suirbhé a foilsíodh an tseachtain seo go raibh deich oiread seans ag duine bás a fháil i dtimpiste ar fheirm, ná i ngairm beatha ar bith eile, idir 2009 - 2015. Caithfear a chinntiú go bhfuil níos mó airde a dhíriú ar shábháilteachta san earnáil seo, a dúirt an Teachta McConalogue. Dúirt sé gur chaill 138 duine a mbeatha ar fheirmeacha na hÉireann le seacht mbliana. Tá sé ag iarraidh ar an Rialtas maoiniú mar is ceart a chur ar fáil le feachtais eolais a chur ar fáil faoi shábháilteacht ar fheirmeacha.
Cathaoir rotha úr
Seolfar go hoifigiúil cathaoir rotha úr ar féidir a úsáid ar an trá, ag Trá na nDúnaibh, tráthnóna inniu. Beidh daoine a bhfuil míchumas orthu ábalta a dhul chun na trá sa chathaoir seo, a ndearna comhlacht Meritcom as an tSráth Ban urraíocht air. Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Terence Slowey gur áis ar dóigh an chathaoir seo do dhaoine le míchumas, agus go gcuirfidh sé go mór leis an sásamh gur féidir a bhaint as an trá sna Dúnaibh. Tá cathaoir rotha ata fóirsteanach don trá ar fáil ag trí láthair dhéag i nDún na nGall agus tá pleananna ag an Chomhairle Conrae cur leis an líon sin.
Rás Rothaíochta
Cuirfear tús le staid a 6 de Rás Rothaíochta An Post ar an Chlochán Liath ar maidin inniu agus bhéarfaidh na rothaithe a n-aghaidh ar Bhaile Dhún na nGall. Fágfaidh siad Teach Tábhairne an Stepping Stone ar an Phríomh shráid ar a 11.00 ar maidin. Rachaidh siad fríd na Gleanntaí, An Fhearthainn, Ard a Ratha, Gleann Gheis, Cill Chartha, Cealla Beaga, Dún Chionn Fhaola agus ar aghaidh go Baile Dhún na nGall. 131 ciliméadar a bheas a dhéanamh ag na rothaithe inniu. Fágfaidh lucht an Ráis Baile Dhún na nGall ar maidin amárach agus bhéarfaidh siad a n-aghaidh ar Bhaile Átha Fhirdhia.