Nuachtáin bainte den tseilf
Tá cóipeanna den Star agus The Examiner bainte dá chuid seilfeanna ag úinéir siopa nuachtán i gcroílár chathair na Gaillimhe, mar agóid faoi na pictiúir den tragóid i Berkeley atá priondáilte acu. Dúirt Paul O'Brien gurb é seo an chéad uair aige beart den chineál seo a dhéanamh. Mheas Paul O'Brien, a deir sé, go mba pictiúirí thar a bheith míchuí a bhí iontu, i bhfianaise na tragóid .agus go mba náireach an mhaise iad a fhoilsiú.
Ollscoil na hÉireann Gaillimh
I ráiteas atá eisithe ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Jim Browne tráthnóna, deir sé gur cúis mhór bróin agus briseadh croí dhóibh san ollscoil an tubaiste thragóideach a tharla i Berkeley, California inné, áit a bhásaigh seisear macléinn. Deir an Dr Browne go ngoilleann an tragóid seo go mór ar phobail na n-ollscoileanna ar fud na tíre agus cuireann sé comhbhrón na hollscoile I ngaillimh in iúl do theaghlaigh, do chomhghleacaithe agus do chairde na mac léinn a bhásaigh sa tragóid. Deirtear sa ráiteas ó uachtarán na hollscoile go dtabharfar tacaíocht, ar aon bhealach is féidir, do mhic léinn na hOllscoile a gortaíodh sa timpiste nó atá ag fulaingt dhá bharr, agus tá leabhar comhbhróin ar shuíomh gréasáin na hOllscoile anois. Tá leabhar comhbhróin curtha ar fáil ag Méara na Gaillimhe freisin i Halla na Cathrach. Tá bratach Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar leath chrann inniu in omós do na mic léinn a bhásaigh sa tubaiste.
Scoil an Chlocháin
Dúirt an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív gur beag dóchais atá aige fhéin go mbeidh an obair tosaigh ar an bhfoirgnimh nua atá geallta do scoil phobail an Chlocháin roimh dheireadh na bliana seo. De réir freagra atá faighte aige ón Aire Oideachais Jan O Sullivan, níl ach an réamh phleanáil ar bun do leagann amach na scoile. Táthar ag breathnú in athuair ar an gcostas don togra seo, a deir an Téachta ó Cuív rud a deir sé, a chuirfheas tuilleadh moille ar an bhforbairt. Nuair nach bhfuil cáipéisí tairsceana eisithe fós is beag seans atá ann go mbeidh aon obair tosaithe ar an scoil roimh dheireadh na bliana seo, a deir an Teachta Ó Cuív. Caithfidh an tAire Oideachais a chinntiú go leanfar leis an togra seo leis an scoil a thógáil a deir an Teachta Ó Cuív mar nach bhfuil aon scála ama leagtha amach den bhforbairt.
Sealanna Oibre
Tá sé admhaithe ag Ard-Cheannfort na nGardaí i Roinn na Gaillimhe de chuid na nGardaí Tom Curlaí go bhfuil deacrachtaí aige fhéin leis na sealanna oibre atá leagtha amach do na Gardaí. Dheimhnigh sé go bhfuil sé tar éis é seo a chur in iúl don bhainistíocht sinsearach sna Gardaí. Bhí sé ag freagairt ceiste a bhí curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a bhí ag iarradh soiléiriú ar an tionchar atá ag na sealanna nua oibre ar stáisiúin Gardaí faoin tuath. De réir an eolais a chuir an Seanadóir os comhair an Ard-Cheannfoirt tá an leagan amach nua atá déanta ar shealanna oibre ag cur isteach go mór ar stáisiúin faoin tuath. In agallamh d'Adhmhaidin dúirt sé go bhfuil praiseach ceart déanta de na sealanna seo, ní amháin i nGaillimh ach ar fud na tíre de réir an méid eolais ata curtha ar fáil dhó.
Dumpáil mhídhleathach
Thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le fios ag cruinniú do chomhchoiste póilíneachta chontae na Gaillimhe, go bhfuil riar mhaith clamhsán faighte aige fhéin a bhaineann le dumpáil mhídhleathach a bheith ag tarlú i ndeisceart Chonamara. D'iarr sé soiléiriú ar an ról atá ag na Gardaí faoi bheith ag coinneál súil ar na cúrsaí seo nuair nach mbíonn an maor pobail ar dualgas.Ní mó na sásta a bhí an Seanadóir leis an bhfreagra a fuair sé ón tArd Cheannfort Tom Curlaí ar an ábhar. Dúirt an Seanadóir go cheart díriú ar an gceist seo mar nach bhfeiceann na Gardaí gur coir thromchúiseach atá ann, daoine a bheith ag caitheamh ábhar amach ar bhóithre portaigh.
Bord Fhóram Chonamara
Dúirt Cathaoirleach Bhord Fhóram Chonamara Terry Keenan go bhfuil siad sásta leis an gcinneadh a rinne an Chúirt Tráchtála faoin gcás atá Fóram a thógáil in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe faoin bpróiseas a bhí in úsáid le haghaidh an clár SICAP a riaradh sa gcontae Rialaigh an Chúirt Thráchtála inné go bhfuil cead ag Fóram Chonamara cás a thabhairt in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe mar gheall ar an mbealach ar láimhseáil an coiste LCDC an próiseas tairisceana don Chlár SICAP. Dúirt Terry Keenan go raibh fáil i gcónaí ar an bhFóram le réiteach a fháil ar an gceist seo ach nach dtáinig an Chomhairle Contae chomh fada leo le iarracht a dhéanamh an cás a shocrú. Bhí sé ráite ag ionadaithe poiblí i nGaillimh Thiar ag cruinniú poiblí a reachtáileadh faoin ábhar, gur chóir socrú mar seo a dhéanamh chomh maith ach go dtí seo níl aon dul chun cinn déanta ag na hionadaithe sin leis an gceist a réiteach taobh amuigh den chúirt. Socrófar san Ard-Chúirt Dé Luain seo chugainn cén dáta ar a n-éistfear Cás Fhoram Chonamara.