Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Céadaoin 5 Meitheamh 2019

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair ó cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Gearóid Mac Suibhne, mac le Ted Mac Suibhne a bhíodh ina Choimeádaí Teach Solais i dTeach Solais an Fhóid Dhubh.

Gearóid Mac Suibhne, mac le Ted Mac Suibhne a bhíodh ina Choimeádaí Teach Solais i dTeach Solais an Fhóid Dhubh.

Nuair a bhí 'D-Day' a bheartú i 1944, bhí go leor ag brath ar stádas na haimsire mar gheall ar an úsáid a bhí le baint as báid don ionsaí mór. Ba as teach solais an Fhóid Duibh a tháinig an fógra chinntigh nach ar an gcéad lá a bhí beartaithe acu, sé sin seachtú cúig bliain sa lá inniu a thosódh an t-ionsaí, ach an lá ina dhiaidh sin.

Michael Gibbons, Seandálaí.

Michael Gibbons, Seandálaí.

Tá cnámharlaigh daonna a fritheadh ar shráid na siopaí i nGaillimh le cúpla lá, le tabhairt chomh fada le Árd Mhúsaem na hÉireann, áit a ndéanfar scrúdú dlí-eolaíochta orthu. Fritheadh na cnámha le linn na hoibre atáthar a dhéanamh ar an gcóras draenála ar shráid na siopaí faoi láthair.

Liam Loftus, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Liam Loftus, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Tá feachtas ar bun ó na 90idí ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúta agus Fiadhúlra féachaint lena chinntiú go mairfidh an traonach sa tír seo. Bhí 151 coileach sa tír seo anuraidh agus is i gConamara a bhí scór acu sin agus trí cinn déag is fích eile acu i gContae Mhaigh Eo. Tá €2.4 milliún cainte ag an Stát ó 2012 ag iarraidh an traonach a chaomhnú.

Laoise Ní Dhúda, Oifigeach Pleanála Teanga Iorrais.

Laoise Ní Dhúda, Oifigeach Pleanála Teanga Iorrais.

Mar chuid do phlean teanga Ghaeilge Iorrais i limistéar Mhaigh Eo Thuaidh tá tús curtha le feachtas eolais agus iad ag iarraidh go n-úsáideach daoine an Ghaeilge ionas go mairfidh sí sa gceantar. Tá leabhrán eolais curtha le chéile acu agus le seoladh amach chuig 'chuile theach sa limistéar go luath.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fionnuala Uí Neachtain
Léiritheoir/Producer:  Treasa Bhreathnach

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís