Iris Aniar

Iris Aniar

09:15 - 10:15 Luan - Aoine / Mon - Fri

Iris Aniar Dé Máirt 7 Samhain 2017

Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.


Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.

Iris Aniar

Clár irise á chur i láthair as Casla ag Máire Áine Ní Chuaig.

Cóilín Ó Neachtain, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Toghfar méara nua ar chathair Bhostún i Meiriceá inniu. Labhair Cóilín Ó Neachtain le Paddy McGrath as Ros Muc, le Éamonn de Búrca as Dú Ithir, le Colm Ó Neasa as Coill Sáile agus le Seán Ó Curraoin as an Aird Mhóir.

Ríonach Ní Néill.

Beidh cruinniú i Seanscoil Sailearna anocht faoi phlean a chur le chéile do Ghaillimh 2020 agus an tairbhe a d'fhéadfadh Gaeltacht Chonamara a bhaint as.

Marianne Ní Chinnéide.

Léiríodh an dráma 'Dún na mBan Trí Thine' ag Féile Ealaíona na Gaillimhe i mbliana, agus beidh deis eile ag daoine an dráma a fheiceáil i dTaibhdhearc na Gaillimhe san oíche amárach agus arú amárach.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Thug Ard Cheannfort na nGardaí Tom Ó Curlaí le fios ag an gcruinniú don chomhchoiste póilíneachta aréir, de réir an dlí nár cheart go mbeadh beirt nó níos mó ag rothaíocht le taobh a chéile ar na bóithre.

Orla Ní Fheinneadha, Máire Ní Mhaoilchiaráin agus Róisín Elsafty.

Tháinig Orla sa tríú háit i gcomórtas Chorn Uí Riada ag an Oireachtas i gCill Áirne. Is í Máire a bhuach Corn na mBan agus is í Róisín a tháinig sa dara háit i gComórtas na mBan.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

irisaniar@rte.ie

1850 665522
+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer:  Cáit de Bhailís

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís