Iris Aniar Déardaoin 2 Samhain 2017
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Tá sé os cionn ocht mí dhéag ó chuaigh Andrew Lydon as an Tuairín, a bhfuil an galar néarón luadrach ag dul dhó, faoin scian. Tá sé fós san ospidéal i nGaillimh.
Bronnadh duaiseanna liteartha agus gradaim chumarsáide aréir ag Oireachtas na bliana seo i gCill Áirne. Bronnadh an duais do Chraoltóir Raidió na Bliana ar Chormac Ó hEadhra as an gCeathrú Rua agus bronnadh an duais do Chlár Raidió na Bliana ar an gclár Cormac ag a Cúig, a chuireann sé i láthair.
Bronnadh Gradam Uí Shuilleabháin ar an leabhar ''Conaire Mór - Seacht nDoras na Cinniúna'', le Diarmuid Johnson ag Oireachtas na Gaeilge aréir.
Tá Meangadh Fíbín ag cuartú cailín agus buachaill óg le haghaidh sraith nua teilifíse atá dírithe ar pháistí réamhscoile.
Bhí go leor tuairimí ag an bpobal cén sort stáisiún ba cheart a bheith ann, sular oscail Teilifís na Gaeilge, bliain is fiche ó shin. Chum Ciarán Ó Fátharta agus Máirtín Jaimsie an t-agallamh beirte seo faoin scéal.
Is mór i gceist í ceist na n-imircigh atá i Meiriceá gan stádas dleathach le fada an lá agus is mór i gceist í ó toghadh Donald Trump ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís