Iris Aniar Dé Máirt 31 Deireadh Fómhair 2017
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Dúradh in alt a bhí in Iris Comhar na míosa seo go raibh na hamhránaithe as Carna, Sorcha Ní Ghuairim agus Seán Ó hÉanaí ar aon intinn nár cheart an téarma 'sean-nós' a úsáid le cur síos a dhéanamh ar amhránaíocht dhúchasach na hÉireann.
Tá leabhar de chuid fhilíocht Bheartla Sheáin Ó Cualáin as an Sídheán an Spidéal, curtha le chéile ag Mike P. Ó Conaola. ''File an tSiáin Rua'' ainm an leabhair agus beidh an leabhar dhá sheoladh ag Oireachtas na Samhna Dé hAoine.
Is í anocht oíche Shamhna agus tá Mairéad ag cur síos ar na nósanna a bhain le oíche na bpúcaí sa taobh seo tíre.
Tá aonach mór an Fhómhair ar siúl ar an Teach Dóite inniu agus tá Kevin i lár an aonaigh ag cur síos ar a bhfuil ag tarlú ansin ar maidin.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís