Iris Aniar Dé hAoine 27 Deireadh Fómhair 2017
Scéalta nuachta móra agus beaga an iarthair agus na Mí, chomh maith le míreanna rialta ar gharraíodóireacht, ar chúrsaí siamsaíochta, ar chúrsaí sláinte, agus tuilleadh nach iad, agur tuairiscí ó ócáidí agus imeachtaí ar fud an iarthair.
Iris Aniar covers big and small news stories in the west and the Meath Gaeltacht, as well as interviews, and regular features on gardening, entertainment, health and more, and reports from events throughout the west.
Tá go leor cainte déanta le scaitheamh faoi chomh dona agus atá cúrsaí tráchta ag eastáit tionsclaíochta na Páirce Móire i nGaillimh. Bhí Cormac ag rothaíocht ag a chuid oibre as Cnoc na Cathrach agus cuireadh drochbhail ar a rothar le gairid de bharr smionagair a bhí ar lána rothair tar éis an droch aimsir.
Tá Seán ag plé cén dualgas atá ar dhuine atá ina stiurthóir ar chomhlacht.
Dúradh sa gclár Prime Time ar RTÉ bealach a haon aréir nach raibh na seaicéid tarrthála a tugadh do na píolótaí a bhí ar an R116 agus a bhuail faoin Tor amach ó chósta an Fhóid Dhuibh i nGaeltacht Mhaigh Eo i mí Márta seo caite, feiliúnach beag ná mór don obair a bhí ar bun acu.
Tá Máirtín Ó Catháin i mBostún faoi láthair agus é ag coinneáil súil ar chúrsaí toghchánaíochta ansin.
Tá Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag eagrú rith nó siúlóid 5k inniu le hairgead a bhailiú do chiste spóirt na scoile.
Tá brainse Mhaigh Eo d'Ard-Mhúsaem na hÉireann ag tabhairt cuireadh do dhaoine an Oíche Shamhna seo cuairt a thabhairt ar an músaem.
Bhí duais bhreá againn ar feadh na seachtaine luach 200 euro ola ó Sweeney Oil agus rinne Mike an tarraingt beo sa stiúideo.
Tá an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ag eagrú Seó Mór an Oireachtais i halla Scoil Chuimsitheach Chiaráin Dé Luain seo chugainn.
irisaniar@rte.ie
1850 665522
+353 91 506677
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir/Presenter: Máire Áine Ní Chuaig
Léiritheoir/Producer: Cáit de Bhailís