Éist anseo leis an gclár

Ar an Luan Saoire Bainc, 4 Bealtaine, ag 11 am craolfar an clár Coláiste Bhríde, Rann na Feirste faoin gcoláiste samhraidh cáiliúil i dTír Chonaill.

Ba in Ó Méith i gCo. Lú a bunaíodh Coláiste Bhríde sa bhliain 1912, ach ansin shocraigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh an coláiste a bhogadh go láthair Gaeltachta, agus roghnaigh sé Rann na Feirste in iarthuaisceart Dhún na nGall.  D'oscail an coláiste ansin sa bhliain 1926, agus tá daltaí ag freastal ar an gceantar gach samhradh ó shin, go dtí i mbliana, nuair nach mbeidh an coláiste ar oscailt den chéad uair le 94 bliain anuas de bharr ráig an COVID-19.

D’fhreastail níos mó ná 80,000 duine ar an gcoláiste thar na blianta, agus maireann an ceangal láidir le Co. Lú agus le Co. Mhuineacháin go dtí an lá atá inniu ann, agus an-chuid daltaí ag teacht go Rann na Feirste ón taobh sin tíre go fóill. 

I measc na ndaoine cáiliúla a d’fhreastail ar an gcoláiste, nó a tháinig ar cuairt, bhí TK Whitaker, Éamon de Valera, Bernadette McAliskey, Pádraig McNamee, Phil Coulter, Pádraig Ó Uallacháin agus an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich.

Ba cheantar bocht a bhí i Rann na Feirste i 1925 nuair a tháinig an tAthair Ó Muireadhaigh ar cuairt den chéad uair, ach d’athraigh an coláiste an áit ó bhun sna blianta a lean sin.  Tháinig leictreachas, uisce reatha agus bóithre níos fearr go Rann na Feirste níos luaithe ná ceantair eile de bharr an líon ard daoine a bhíodh ag teacht ann sa samhradh.

Sa chlár seo, cuirfidh Damien Ó Dónaill stair an choláiste inár láthair, bunaithe ar ábhar luachmhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.  Tabhair cluas don chlár ar an Luan Saoire Bainc, 4 Bealtaine, ag 11 am.  Is féidir éisteacht ar líne, nó éisteacht siar leis an gclár ar an Seinnteoir Raidió.

__________________________

On Bank Holiday Monday at 11 am, we will broadcast a special programme about the famed Coláiste Bhríde Irish college in Rann na Feirste, or Rannafast, in Co. Donegal.

The college has been welcoming students to the northwest to learn Irish since 1926, until this summer which will break the long standing summer tradition due to the COVID-19 pandemic.