Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh an cinneadh deireanach sa chás go n-éiríonn conspóid maidir le sainmhiniú ar rialacha, ar choiníollacha rannpháirtíochta nó le haon ghné eile den chomórtas.
Luíonn an cinneadh deiridh maidir le buaiteoirí an chomórtais leis na moltóirí agus ní bheidh aon dul thar a mbreith.
Beidh sé de cheart ag RTÉ Raidió na Gaeltachta físeáin agus íomhánna a chuirtear chucu don chomórtas a úsáid mar ábhar poiblíochta.
Déanfar gach a bhaineann leis an gcomórtas seo tré mheán na Gaeilge.
Tá an comórtas oscailte do chumainn CLG ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.
Is é comortas@rte.ie an seoladh rphoist don chomórtas.
Caithfidh na hiarratais a bheith curtha chuig comortas@rte.ie roimh 5.00 pm Dé hAoine 20 Márta 2020.
Roghnóidh painéal moltóirí an t-iarratas is fearr.
Craolfar an clár Spórt an tSathairn beo ón gclub a bhuann ar an 18 Aibreán 2020. Eagróidh RTÉ Raidió na Gaeltachta lá teaghlaigh mar chuid den ócáid.