Is ar Chiarán Thompson, caiptín Naomh Conaill, a bhronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019.

As Na Gleanntaí do Chiarán, 24, imreoir lár-páirce do Naomh Conaill, agus tá sé ar fhoireann na contae freisin, áit a mbíonn sé ag imirt i lár páirce agus mar leath thosach.    Tá sé i mbun staidéir faoi láthair in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, agus é sa bhliain dheireanach ar chúrsa spóirt agus aclaíochta.

Dúirt Thompson:
"Is mór an onóir dom go bhfuil an gradam seo le bronnadh orm, agus ba mhaith liom buíochas a  ghabháil le mo chuid comhimreoirí agus le lucht traenála agus bainistíochta Naomh Conaill as a dtacaíocht."

Bronntar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh gach bliain ar imreoir na craoibhe i nDún na nGall.  Tá coiste de 12 duine, iriseoirí spóirt Dhún na nGall, a dhéanann an rogha, agus is é Damien Ó Dónaill ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhíonn i mbun cathaoirleachta ar an gcoiste.

Dúirt Damien Ó Dónaill, ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu:
"Roghnaíodh Ciarán mar gheall a chuid taispeántais ag deireadh na craoibhe i mbliana.  B’éigean an cluiche ceannais a imirt trí huaire le Naomh Conaill agus Gaoth Dobhair a scarúint óna chéile, agus bhí ceannródaíocht Chaiptín Naomh Conaill, Ciarán Thompson, lárnach ina mbua ag deireadh."

"Sár-imreoir é Thompson, atá ag forbairt bliain i ndiaidh bliana, agus é ábalta scóranna inspioráideacha a aimsiú lena chos chlé nuair is gá.  Is imreoir lár-páirce do Naomh Conaill é a dhéanann obair na gcapall daofa, agus tá gradam na bliana seo tuillte go maith aige."

Bronnfar an gradam ar Chiarán ag Dinnéar Bliantúil CLG Dhún na nGall Dé Sathairn 23 Samhain.

____________________________

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh 2019 will be presented to Ciarán Thompson on Saturday at the Donegal GAA Banquet.

Ciarán, 24, is from Glenties and captain of Naomh Conaill where he plays midfield.  He’s also on the county panel, where he plays midfield or half forward.  He’s currently studying in Letterkenny IT, where he’s in the final year of a degree in Sport and Exercise Performance.

Thompson said:
"I’m delighted to receive this prestigious award.  I’d like to thank my teammates, coaches and management in Naomh Conaill for all their support."

Gradam Shéamuis Mhic Géidigh is presented each year to the player of the Donegal Championship, as selected by a committee of 12 sports journalists in the county, chaired by Damien Ó Dónaill of RTÉ Raidió na Gaeltachta.