Bronnadh Gradam Shéamuis Mhic Géidigh ar Michael Murphy ag Dinnéar Bhliantúil CLG Dhún na nGall Dé Sathairn 3 Nollaig. Ba í Dolores Mhic Géidigh, bean chéile Shéamuis, a rinne an bronnadh.
Thionscain muid an gradam seo in onóir agus i gcuimhne ar ár gcomhghleacaí agus ár gcara Séamus Mac Géidigh, a cailleadh go tobann i mí Iúil na bliana seo.
Iriseoirí spóirt Dun na nGall, faoi stiúir Damien Uí Dhomhnaill, a roghnaigh an buaiteoir.
Dúirt siad:
“Roghnaíodh Michael Murphy mar gheall ar a thaispeántas sa Chraobh le Gleann tSúilí, go háirithe ó na cluichí ceathrú ceannais go dtí an chluiche ceannais. D’fhill Michael ar ais ó dhroch-ghortú níos luaithe i mbliana le himirt dona chumann áitiúil, agus léirigh sé ceannródaíocht agus cinnireacht a bhí riachtanach le Gleann tSúilí a stiúradh go dtí an chluiche ceannais, agus go dtína mbua sa Chraobh. Ba é a rinne an difear don fhoireann i 2016.”
Dúirt an Ceannaire, Edel Ní Chuireáin:
“Bhí ócáid iontach speisialta againn oíche Dé Sathairn, cé go raibh sé brónach agus muid ag cuimhniú go láidir ar Shéamus, dlúthchuid den fhoireann, atá ar lár. Ba le hómós do Shéamus a thionscain muid an gradam seo, agus le haitheantas a thabhairt dona thiomantas do Chumann Lúthchleas Gael, go háirithe anseo ina chontae dúchais. Tréaslaím a ghradam le Michael Murphy, tá sé tuillte go maith aige, agus cuireann sé leis go mór go raibh aithne mhaith aige ar Shéamus.”
Is é an dealbhóir Redmond Herrity, as Dún na nGall, a rinne an obair ar Ghradam Shéamuis Mhic Géidigh. Is í an Earagail a spreag an dearadh don ghradam. Bronnadh clog le Fergal Meganetty ar Michael freisin mar chuid den ghradam.
_________________________________________
Michael Murphy was presented with the inaugural Séamus Mac Géidigh Memorial Award, Gradam Shéamuis Mhic Géidigh, for club player of the Championship at the Annual Donegal GAA County Banquet and Award Night on Saturday 3 December. The award was presented by Dolores Mhic Géidigh, Séamus’s wife.
The award was established by us in memory and honour of our friend and colleague Séamus Mac Géidigh, who passed away suddenly in July.
The judges said:
“Michael Murphy was chosen for the inaugural Séamus Mac Géidigh award because he showed unfailing leadership from the start of the Championship, and was instrumental in guiding Glen Swilly to the final and ultimately winning the Championship. He returned from a bad injury earlier this year, and we really felt that his presence made the essential difference to Glen Swilly’s performance in 2016.”
Edel Ní Chuireáin, Head of RTÉ Raidió na Gaeltachta, said:
“This event is tinged with sadness for us, because Séamus was such an important and beloved part of the RTÉ Raidió na Gaeltachta team. But tonight, I feel we have honoured his memory, and recognised his passion for all things Donegal, particularly the GAA, which had such a special place in his heart. Congratulations to Michael Murphy, a very worthy recipient of the inaugural Gradam Shéamuis Mhic Géidigh, even more so as himself and Séamus were friends.”
Foireann Dhoirí Beaga, an Ceannaire Edel Ní Chuireáin, agus Dolores Bean Mhic Géidigh le Michael Murphy. Sa ghrianghraf seo, tá clog a rinne Fergal Meganetty ag Michael, cuid den ghradam, agus beidh sé seo aige féin le coinneáil.
Dolores Bean Mhic Géidigh, Michael Murphy, agus Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltacha