Tá an duais do Phearsa Raidió na Bliana buaite ag Michelle Nic Grianna ag Féile na Meán Ceilteach in Inbhirnis in Albain.

Seo an cúigiú bliain as a chéile do láithreoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta an duais seo a thabhairt leo.

Tá Michelle ag obair linn ó 2004, cé go mbíodh sí ag obair go páirtaimseartha don stáisiún roimhe sin.  Is i nGlaschú na hAlban a rugadh í, ach bhog sí go Rann na Feirste i dTír Chonaill, áit dhúchais a hathar, nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois.   De ghnáth, is ar an nuacht a bhíonn Michelle le cloisteáil, ach sa samhradh cuireann sí irischlár an iarthuairscirt, Barrscéalta, i láthair.   

Tá sé de bhua ag Michelle go bhfuil sí in ann na ceisteanna crua a chur in agallamh nuair is gá, chomh maith céanna le hagallaimh agus míreanna spraíúla a chur i láthair na n-éisteoirí. 

Dúirt an Ceannaire Edel Ní Chuireáin:
“Tréaslaím an gradam idirnáisiúnta seo le Michelle Nic Grianna, iriseoir den chéad scoth agus craoltóir cumasach, ildánach.  Tá sé thar a bheith tuillte aici.”

________________________________

Our Donegal presenter Michelle Nic Grianna has been named Radio Presenter of the Year at the Celtic Media Festival in Inverness, Scotland.

This is the fifth year in a row that RTÉ Raidió na Gaeltachta has won this award.

Edel Ní Chuireáin, Station Head, said:
“Congratulations to Michelle on this international award, recognition of the superb broadcasting abilities that have made her a both a well-loved and much-respected broadcaster.”