An Seisiún

An Seisiún

19:00 - 20:00 Déardaoin / Thurs

An Seisiún Déardaoin 13 Bealtaine 2021

Sa tsraith seo, cloisimid mar a d’éirigh le grúpaí ceoltóirí nuair a cuireadh isteach sa stiúideo iad thar oíche, agus é de rún acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifead i dtréimhse 12 uair an chloig.

D’oibrigh an léiritheoir ceoil Karl Odlum (The Frames, Ham Sandwich) i gcomhar leis na ceoltóirí chun na hamhráin a chur le chéile. D’aon turas, cuireadh ceoltóirí le cúlraí ceoil éagsúla le chéile sna grúpaí, agus mar thoradh air sin bhí caidreamh agus fuinneamh faoi leith le brath san obair a rinne siad le chéile. Cumadh 18 amhrán nua i nGaeilge le linn na sraithe.

Is iad Cian Mac Cárthaigh agus Lisa McGeough a chuir an tsraith i dtoll a chéile, agus a chuireann na cláracha i láthair.

Craoladh an tsraith seo den chéad uair i 2018.

______________________

This series puts groups of musicians in a recording studio overnight tasked with writing and recording three new songs in Irish over a twelve hour period.

For each episode, music producer Karl Odlum (The Frames, Ham Sandwich) worked through the night with the musicians, who were deliberately grouped together with those from very different musical backgrounds, a mix which helped to create something new and special in the studio.

The series is presented and produced by Cian Mac Cárthaigh and Lisa McGeough.

This series was first broadcast in 2018.

Liosta iomlán na gceoltóirí páirteach sa tsraith:

Clár 1 29/4/2021
Colm Mac Con Iomaire
Pádraig 'MC Muipéád' Ó Conghaile (IMLÉ)
Louise Gaffney agus David O'Connor (Come On Live Long)

Clár 2 6/5/2021
Mark Lynch (An Bóthar)
Caroline Ní Dhubhcoin agus Micheál Ó Ciardha (Spats Columbo)
Lauren Ní Chasaide
Dina Ní Riain

Clár 3 13/5/2021
INNI-K
Pearse McGloughlin
Rosa Nutty

Clár 4 20/5/2021
Stiofáin Ó Feargháil (Seo Linn)
Dáithí
Edel Ní Churaoin, Joy Dunlop agus Catherine Ní Shuilleabháin (LAS)

Clár 5 27/5/2021
Fergal Moloney (IMLÉ)
Emma Ní Fhíoruisce
Enda Reilly

Clár 6 3/6/2021
Colm agus Rónán Ó Snodaigh (Kíla)
Ríona Sally Hartman
Aindrias De Staic

An Seisiún

Sa tsraith seo, cuirtear ceoltóirí éagsúla le chéile i stiúideo thar oíche. Tá dúshlán rompu, caithfidh siad 3 amhrán a chumadh agus a thaifeadadh roimh dheireadh an tseisiúin!

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie 

+35312082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú & Léiriú / Presented & Produced: Cian Mac Cárthaigh, Lisa McGeough 

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís