An Saol ó Dheas Dé Céadaoin 23 Meán Fómhair 2020
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Áine Uí Dhúbhshláine,Bob Ó Cathail; Carraig a Ghiorria. Amhrán Dóchais. Daire Ó hUallacháin; Bóín Dé. Micheál Ó Lionáird,Siobhán Ní Ghairbhith;Gradaim Great Taste. Dónal Ó Laoire;Coláiste na Mumhan.Aileen Loughrey;Fred Zepellins.
Seolfar an leabhar Carraig an Ghiorria i dTigh Áine ar an nGráig tráthnóna Dé h-Aoine. Seo scéal fiannaíochta a bhailigh Micheál Ó Dúbhshláine ó Shéamus Ó Cíobháin Ghleann Loic.
Tá feachtas ar bun aige Fota Wildlife agus Taighde na mbóín Dé i gCorcaigh chun a dhéanamh amach an bhfuilid flúirseach sa chontae. Deineann an bhóín Dé ana áis don timpeallacht mar go n-itheann sí feithidí beaga a dheineann ana dhíobháil do phlandaí agus do bharraí.
Tá gradaim bainte amach aige St Tola agus Folláin i gcomórtas idirnáisiúnta Great Taste Awards i Londain. Tá ana stádas a baint leis na gradaim seo ar fuaid an domhain.
Tá Dónal Ó Laoire éirithe as a phost mar Bhainisteoir ar Choláiste na Mumhan agus é fillte go lán aimsireach ar an múinteoireacht.
Tábhairne Fred Zepellins i gCorcaigh dúnta fós. Ceol lárnach sa tábhairne agus do dhéanta cloí le rialacha an víorais i láthair dá léithéidí.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Edel Ní Loibhéad