21 cás nua Covid-19 i nDún na nGall
Deimhníodh cás agus fiche úr Covid-19 i nDún na nGall le ceithre huaire fichead, tráthnóna inné, an ceathrú líon is airde cásanna úra sa tír, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte.
231 cás in aghaidh achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae anois, i gcomparáid le meán ráta náisiúnta de 109 in achan 100,000 duine.
Go náisiúnta tráthnóna inné deimhníodh 318 cás úr den Víreas Corónach agus fuair duine eile bás mar gheall ar an víreas agus ráta 109 Covid-19 in aghaidh 100,000 daonra go náisiúnta.
Céad chéim eile don Aireagal sa Mhárta
Cuirfear tús leis an chéad staid eile den phlean forbartha atá idir lámha don Earagail i Mí Mhárta.
Tá 70 meadar de chasán tógtha cheanna féin agus leanfar leis an chasán sa dara cuid den obair.
Dúirt an Comhairleoir Condae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig go bhfuil ardú mór ar an méid daoine a dhéanann an Earagail a dhreapadh agus go gcuideoidh an obair seo pleananna forbartha eile a chur chun cinn sa cheantar.
Dúirt sé go raibh damáiste á dhéanamh den Chnoc agus go bhfuil an obair seo iontach tábhachtach.
Scéim dearbháin do Chontae Dhún na nGall molta
Ba cheart scéim dearbháin do ghnóanna agus do sheirbhísí i nDún na nGall a chur ar bun, mar atá i Leitir Ceanainn le scéim dearbháin SHOP LK, a dúirt an Comhairleoir Contae Ciarán Brogan.
Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Polasaí Corparáideach Forbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Éigeandála na Comhairle le gairid, go bhféadfaí na dearbháin seo a dhíol ar an idirlíon áit ar bith sa domhan, rud a bheadh ina bhuntáiste do ghnóanna agus do sheirbhísí sa chontae.
Tá ag éirí go hiontach maith le scéim Shop Lk, a dúirt sé, agus níl fáth ar bith nach bhféadfaí scéim mar sin a chur ar bun dírithe ar ghnóanna na contae ar fad, a dúirt an Comhairleoir Brogan.
D'iarr sé ar Rannóg Forbairt Eacnamaíochta na féidearthachtaí maidir lena leithid de scéim a fhiosrú.
Seirbhís Chef-Aid don chontae á fhiosrú
Thug Liam Mac a' Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pleanála agus Forbairt Phobail na Comhairle Condae le fios go bhfuil an Chomhairle Condae ag obair i gcomhair le Comhairle Forbartha Áitiúil Dhún na nGall, DLDC, maidir le Seirbhís Chef Aid a cur ar fáil in aiteacha sa Chondae.
Bhí an tseirbhís ar fáil ag tús na Dianghlasála, áit a raibh béiltí te á gcur ar fáil d'Aosaigh no do dhaoine leochaileacha agus tá iarratas déanta ag grúpaí i gCúl na gCuirdín, Leitir Ceanainn, Baile Dhún na nGall agus Bun Dobhráin ar thacaíocht o Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le leanstan leis an tseirbhís.
Dúirt Liam Mac a' Bhaird go mbeidh cruinniú an tseachtain seo leis an cheist a phlé agus go bhfuil súil aige go gcuirfear an tseirbhís ar fáil sna háiteacha ar fad a bhfuil éileamh dá leithéidí.
Easpa foirne rannóg pleanála le fiosrú
Caithfear ceist easpa foirne agus acmhainní atá sa Rannóg Pleanála i gceantar Bardais na nGleanntach a thógáil le bainistíocht na Comhairle Condae, a dúirt an Comhairleoir Marie Therese Ni Ghallchóir.
Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach an cheist a thógáil le Stiúrthóir Seirbhísí na Comhairle Condae mar go bhfuil neamart iomlán a dhéanamh ar an cheantar bardais ó thaobh cúrsaí pleanála de.
Dúirt an Comhairleoir Ní Ghallchóir, ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach, nach bhfuil sé ceart go gcaitheann daoine suimeanna móra airgid ar iarratais pleanála agus go ndiúltaítear ansin do na hiarratais.
Dúirt sí go bhfuil se tábhachtach ball foirne eile a cheapadh sa Rannóg pleanála le comhairle a chur ar an bpobal faoi iarratais phleanála.