Plean Forbartha Mhachaire Rabhartaigh

Socraíodh ag ceardlann a reáchtáil an Chomhairle Contae an tseachtain seo, áit a raibh plé á dhéanamh ar Phlean Forbartha Chéibh Mhachaire Rabhartaigh, cruinniú poiblí a reáchtáil agus labhairt le húinéirí talaimh sa cheantar.

Tá sé socraithe an obair a dhéanamh in dhá chuid - ag an chéibh agus ansin an t-infreastruchtúr in aice na céibhe, siad sin an carrchlós, leithris agus áiseanna eile.

Dúirt na Comhairleoirí Contae Denis Mac Aoidh agus Michéal Choilm Mac Giolla Easpaig go raibh siad sásta leis an cheardlann agus gur seo tús le plean forbartha a ullmhú.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé dóchasach go mbeidh na cruinnithe ar siúl le húinéirí talaimh agus leis an phobal roimh an Nollaig agus gceadófar maoiniú go luath le comhairleoir a cheapadh leis an phlean a ullmhú.

Scéim na mBrící Lochtacha

Léirigh an Teachta Dála Charles Ward imní sa Dáil inné faoin chumarsáid a bhaineann le Scéim na mBrící Lochtacha i ndiaidh do bhean i nDún na nGall a rinne achomharc dhá ríomhphost a bhí ag teacht salach ar a chéile a fháil taobh istigh de chúpla uair a chloig.

Dúradh sa chéad ríomhphost gur glacadh lena hachomharc agus go dtiocfadh a teach a leagan ach i ríomhphost eile a seoladh chuici ní ba mhoille an lá sin tugadh le fios gur seoladh an chéad ríomhphost trí thimpiste agus nár glacadh lena hachomharc.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh sé ceart ná cóir gur tharla a leithéid.

Tá leasuithe á ndéanamh ar an phróiseas cumarsáide ag Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc lena chinntiú nach dtarlóidh eachtra mar seo arís, a dúirt an Taoiseach.

Folúntais

Tá cúig cinn d'fholúntais lánaimseartha sna seirbhísí do pháistí faoi mhíchumas i nDún na nGall, agus iarrachtaí ar bun na folúntais sin a líonadh go luath.

Tá ceithre fholúntas d’oibrí sóisialta lánaimseartha do pháistí faoi mhíchumas sa chontae, le cois folúntas do theiripeoir urlabhartha.

Dúirt Maria Ferguson, Stiúrthóir Réigiúnach le Fóram Sláinte an Iarthair go bhfuil deacrachtaí postanna mar seo a líonadh ar fud na cruinne faoi láthair, ach go bhfuil achan iarracht ar bun na folúntais seo a líonadh.

D’iarr Cathaoirleach an Fhóraim, an Comhairleoir Gerry Mac Monagail, go ndéanfaí achan iarracht na folúntais seo a líonadh chomh luath agus is féidir.

Caithfear achan tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu, a dúirt an Comhairleoir Mac Monagail.

Turasóireacht

Tá suíomh idirlín úr dírithe ar thurasóirí a mhealladh go Leitir Ceanainn á sheoladh go hoifigiúil maidin inniu.

Rinne Turasóireacht Leitir Ceanainn an suíomh GoVisitLetterkenny.ie a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann.

Tá eolas le fáil ar an suíomh úr faoi lóistín, láithreacha turasóireachta, bialanna, gnólachtaí agus imeachtaí áitiúla thart fan bhaile.

Beidh an seoladh ar siúl in Ionad Siamsaíochta Arena 7 i Leitir Ceanainn ar an 11 a chlog maidin inniu.