Carrchlós Otharlann Leitir Ceanainn

Tá iarrachtaí ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte méadú a dhéanamh ar an charrchlós ag Campas Otharlann Leitir Ceanainn níos moille i mbliana.

Dúirt Cathaoirleach Fhóram Sláinte an Iarthair, An Comhairleoir Gerry Mac Monagail go bhfuil géarchéim ollmhór ag an Otharlann maidir le easpa spáis sa charrchlós.

Tá an pobal agus an fhoireann ag gearán faoin easpa mór spáis atá ar fáil ag an otharlann achan lá, a dúirt sé.

Ní leor an 1,100 spás atá ansin faoi láthair, agus teastaíonn 1,000 spás breise, ar a laghad, ar bhonn práinne, a dúirt an Comhairleoir Mac Monagail.

Tá cuairteoirí, baill foirne agus othair ag fágáil carranna in eastáit tithíochta sa cheantar, agus tá seo ag cur isteach ar chúrsaí tráchta sna heastáit sin, a dúirt sé.

Mhol sé carrchlós dhá stór a thógáil ag Otharlann Leitir Ceanainn.

Dúirt an Comhairleoir Ciarán Brogan go bhfuil go leor feirge faoi easpa spáis ag an otharlann, agus go dteastaíonn plean cuimsitheach ar bhonn práinne le dul i ngleic leis an fhadhb.

Dúirt Dermot Monaghan, Bainisteoir Ceantair an HSE, go bhfuil imní léirithe ag othair, cuairteoirí agus baill foirne faoin easpa spáis ag an charrchlós ag Otharlann Leitir Ceanainn.

Tá plean á chur le chéile chun 100 spás breise a chur ar fáil ag carrchlós Otharlann Naomh Conaill sa ráithe dheireanach den bhliain seo le cois 25 spás breise i bpríomhcharrchlós na hotharlainne, a dúirt sé.

Otharlann Pobail

Dúradh ag cruinniú d'Fhóram Sláinte an Iarthair inné go mbeidh an obair thógála ar Otharlann Pobail úr Leitir Ceanainn críochnaithe sa ráithe dheireanach den bhliain seo.

Tugadh le fios don Chomhairleoir Ciarán Brogan, ball den Fhóram, go mbeidh an obair thógála ar an otharlann pobail ina mbeidh 110 leaba, réidh roimh dheireadh na bliana agus go ndéanfar coimisiúnú ar an otharlann go luath ina dhiaidh sin.

Dúradh leis an Chomhairleoir Brogan inné go bhfuil sé mar sprioc go mbeidh 25 leaba ar fáil roimh dheireadh na bliana seo.

Tá costas €59 milliún luaite le hOtharlann Pobail úr Leitir Ceanainn agus is iad conraitheoirí Boyle Construction atá i mbun na tógála.

Tá meascán de bhardaí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha san otharlann úr, le cois aonad faoi leith d’othair a bhfuil néaltrú orthu, aonad athshlánaithe agus áiseanna do theaghlaigh.

Givinostat

Tarraingíodh aird sa Dáil arís aréir ar chás Aaron Langan agus Diarmuid O’Sullivan, beirt ghasúraí as Dún na nGall a bhfuil an aicíd DMD orthu agus a bhfuil a dteaghlaigh ag iarraidh go mbeadh fáil acu ar dhruga a mhaolaíonn an aicíd.

Rinne na Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Charles Ward achainí eile ar an Rialtas an druga Givinostat a chur ar fáil don bheirt agus don 150 eile sa tír a bhfuil an aicíd chéanna orthu le linn rúin a mhol Sinn Féin faoin chostas a bhaineann le míchumas.

Ní bhaineann costas an mhíchumais le hairgead amháin, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, baineann sé le moill a bheith ar dhrugaí cosúil le Givinostat agus thug sé le fios go bhfuil Aaron Langan i gcathaoir rothaí anois de bharr na haicíde.

Dá mbeadh Aaron Langan ina chónaí deich mbomaite ar shiúl i mBéal Leice i gCo. Fhear Manach in áit a bheith ina chónaí i Lathaigh i gCo. Dhún na nGall, bheadh fáil aige ar an druga go furasta, a dúirt an Teachta Dála Charles Ward.

Daoine faoi mhíchumas i dtithe lochtacha

Tá cearta daonna daoine faoi míchumas atá ina gcónaí i dtithe a bhfuil brící lochtacha iontu á sárú, a dúirt an Teachta Dála Charles Ward sa Dáil aréir.

Rinne an Teachta Ward a chuid cainte le linn rúin a mhol Sinn Féin faoin chostas a bhaineann le míchumas agus dúirt sé go bhfuil an costas sin níos airde arís ó thaobh daoine atá ina gcónaí i dtithe lochtacha mar gheall ar fhadhbanna struchtúracha sna tithe sin.

Dúirt sé go raibh daoine faoi mhíchumas i dteagmháil leis faoi threalamh a chaithfidh siad a dhaingniú do bhallaí atá ag titim as a chéile.

D’iarr an Teachta Ward ar an Rialtas staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar atá ag tithe lochtacha ar dhaoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí iontu.

Meicníocht maoinithe

Glacadh le rún ón Chomhairleoir Condae Joy Beard teagmháil a dhéanamh leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta James Browne maidir le meicníocht maoinithe roimh ré a chur ar fáil d’úinéirí tí atá ag lorg tacaíochtaí faoi Scéim na mBrící Lochtacha.

Dúirt an Comhairleoir Beard go bhfuil brú mór ar theaghlaigh mar go mbíonn orthu íoc roimh ré ar oibreacha áirithe sula bhfaighidh siad aon íocaíocht ón Roinn agus fosta go bhfuil brú ar chonraitheoirí tógála mar go mbíonn siad ag lorg íocaíochtaí ó na húinéirí tí sula ndéanfar aon obair.

Dúirt an Comhairleor Beard go bhfuil sé tábhachtach na deacrachtaí seo a chur os comhair an Rialtais agus impí orthu na híocaíochtaí a phróiseáil níos gaiste.

Veain champála

Tá an Comhairleoir Contae Michael McClafferty ag impigh ar lucht veaineanna campála na seirbhísí diúscartha dramhaíola atá ar fud Bhealach an Atlantaigh Fhiáin a úsáid agus iad sa cheantar.

Dúirt sé go bhfaca sé dramhaíl á folmhú ar thaobh an bhealaigh ar an N56 inné idir Dún Fionnchaidh agus an Fál Carrach.

Bíonn dramhaíl á folmhú ag céanna sa cheantar fosta, a dúirt sé.

Tá seirbhísí dramhaíola ar fáil agus ba cheart iad a úsáid, a dúirt an Comhairleoir McClafferty.