Tá Contae Dhún na nGall i measc na gContaetha sa tír inar maraíodh an líon is mó daoine i dtimpistí bóthair le naoi mbliana anuas, de réir leárscáil idirghníomhach atá foilsithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Tharla 69 timpiste i nDún na nGall idir 2016 agus 2024 inar maraíodh duine amháin nó níos mó. Lena chois sin, tharla 451 timpiste bóthair thromchúiseach eile sa Chontae sa tréimhse naoi mbliana sin. Seachtar a maraíodh ar bhóithre na Contae ó thús mhí Eanáir i mbliana, triúr acu sin in dhá thimpiste ar leith a tharla ar dheireadh seachtaine an 16 agus 17 Bealtaine. 66 duine a maraíodh ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana, ardú de chúigear i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Cé Mhachaire Rabhartaigh

Beidh Ceardlann á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall inniu le Plean Forbartha do ché Mhachaire Rabhartaigh a phlé. Seo an chéad uair riamh a bhfuil ceardlann iomlán á reáchtáil leis an phlean a phlé. Tá Comhairleoirí Contae i gCeantar Bardais na nGleanntach ag iarraidh ar an Chomhairle Comhairleoir a cheapadh leis an phlean a ullmhú.Tá féidearthachtaí móra sa cheantar seo maidir le cúrsaí turasóireachta agus eacnamaíochta, a deir na Comhairleoirí Contae. Beidh an Cheardlann ar siúl in Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith ag an 2pm inniu.

Dúnmharú Eddie Fullerton

Dúirt an Comhairleor Contae Jack Murray go bhfuil Teaghlach an Iar-Chomhairleora Eddie Fullerton as Bun Cranncha go fóill ag lorg freagraí maidir lena dhúnmharú. Dúnmharaíodh Eddie Fullerton an 25 Bealtaine 1991, 35 bliain ó shin, ina theach cónaithe i mBun Cranncha. Dúirt an Comhairleoir Murray ag cruinniú den Chomhairle Contae inné gur theip ar na Gardaí fiosrúchán iomlán a reáchtáil maidir lena dhúnmharú agus dúirt sé gur chosain Rialtas na Breataine na dhúnmharfóirí. Dúirt sé gur ionsaí a bhí sa dúnmharú ar Chomhairle Contae Dhún na nGall mar go raibh Eddie Fullerton ina Chomhairleoir Contae ag an am agus go bhfuil an fhírinne faoina dhúnmharú tuillte ag Teaghlach Fullerton.

Bealaí Glasa

Tá deis á tabhairt do dhaoine scrúdú a dhéanamh ar na cáipéisí maidir le ceithre thogra do Bhealaí Glasa sa chontae. Is iad sin an bealach glas idir na Carraigíní agus Leifear, Ard na gCrann go Carn Domhnach, Bun Cranncha go Carn Domhnach agus Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn. Tá Céim 2 den phróiseas roghnúcháin críochnaithe anois agus is féidir leis an phobal scrúdú a dhéanamh ar na cáipéisí seo ón tseachtain seo ar aghaidh sna hIonaid Seirbhísí Poiblí sa chontae. Beidh na cáipéisí seo ar fáil don phobal go dtí an 12 Meitheamh agus dhéanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall measúnú ina dhiaidh sin ar aon mholtaí a dhéanfar maidir leis na tograí.

Gnólachtaí dúnta

Rinneadh plé ar an líon ard gnólachtaí atá druidte agus á ndruid i mbailte agus sráidbhailte sa Chontae ag cruinniú den Chomhairle Contae inné. Glacadh le rún ón Chomhairleoir Niamh Kennedy teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Trádála agus Fostaíochta agus an Roinn Gnóthaí Tuaithe scéim phíolótach a bhunú i nDún na nGall le cuidiú leis na deacrachtaí atá sa Chontae maidir leis an líon ard gnólachtaí atá druidte le blianta beaga anuas. Dúirt an Comhairleor Kennedy gur ábhar díomá an meath atá tagtha ar bhailte beaga tuaithe agus dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach tuairimí a fháil ó shaineolaithe leis na bailte a shábháil.

Gutháin Phóca

Glacadh le rún ón Chomhairleoir Contae Martin McDermott ag cruinniú den Chomhairle Contae inné teagmháil a dhéanamh leis an Aire Leanaí Norma Foley thar ceann daltaí sa chúigiú bliain i gColáiste Pobail Charn Domhnach maidir le húsáid gutháin póca i measc an aosa óig faoi 15 bliana d'aois. Bhí toscaireacht ón scoil i láthair ag an chruinniú inné. Dúirt an Comhairleoir McDermott gur mhaith leis na daltaí comhrá a bheith acu leis an Aire maidir leis na míbhuntáistí agus buntáistí a bhaineann le gutháin phóca agus go bhfuil sé tábhachtach an t-eolas agus an t-oideachas a thabhairt do dhaoine óga.