Cé gur tháinig titim de trí cheathrú ar an ndaonra i gceantair Ghaeltachta Chiarraí idir Daonáirimh 1926 agus 2022, tá beagnach an céatadán céanna cainteoirí Gaelainne, sna ceantair, 'sé sin 70% nó mar sin den ndaonra.

I 1926 bhí daonra beagnach 16,000 i gceantar tuaithe an Daingin agus chuir os cionn 11,000 acu in iúl sa daonáireamh go raibh Gaelainn acu.

Nuair a chuirtear daonra breis agus 18,000 duine a bhi i gceantar tuaithe Chathair Saidhbhín san áireamh, ba chainteoirí Gaelainne iad idir 20,000 agus 22,000 duine i gCiarraí.

I 2020 ní raibh ach daonra 9,036 duine I gceantair Ghaeltachta Chiarraí ach thug 6,068 duine acu le fios sa Daonáireamh go raibh Gaelainn acu.

Sin timpeall 67%.

Beidh clár speisialta ag an Saol Ó Dheas inniu ag plé Dhaonáireamh na bliana 1926.

Mic Léinn

Bheadh sé ina chabhair mhór do mhic léinn Chorca Dhuibhne atá ag freastal ar na hollscoileanna, dá gcuirfí seirbhís iompair phoiblí ar fáil saor in aisce, le costas an bhreosla mar atá agus an easpa lóistín do mhic léinn sna cathracha.

Sin a dúirt Oscar Ó Donnagáin, mac léinn ollscoile ó Chorca Dhuibhne, ar maidin ar an gclár Adhmhaidin.

Cruinniú

Beidh ionadaithe ón nGarda Síochána, ó lucht céad cabhrach an Daingin, agus ó ghrúpaí eile nach iad, ag cur i láthair tráthnóna ag cruinniú eolais don bpobal atá á reáchtáil ag Cumann Lucht Trádála an Daingin.

Deir lucht a eagair, go gcuirfear fáilte roimh mholtaí agus tuairimí an phobail ag an gcruinniú, d'fhonn pleananna a dhéanamh do thodhchaí an bhaile, agus go mbeidh fáilte ar leith roimh dhaoine nua atá ag dul i mbun gnó sa cheantar.

I Halla na Measarthachta a bheidh an cruinniú, ag tosnú ar a 7 a chlog.

Aerfort na nDéise

Tionólfar cruinniú ginearálta urghnách de chomhlacht Aerfort Phort Láirge ar maidin inniu chun críoch a chur le tabhairt ar láimh an aerfoirt ag an bhfear airgid Meiriceánach Kelcy Warren.

Tá suas le €35 milliún á infheistiú ag Kelcy Warren in athfhorbairt an aerfoirt.

Ag cruinniú an lae inniu, vótálfaidh scairshealbhóirí an aerfoirt ar son leachtú an chomhlachta Waterford Regional Airport Plc, i dtreo is go mbunófar comhlacht nua Waterford Airport Ltd, agus Kelcy Warren ina phríomh-scairshealbhóir.

Tuigtear go mbeifear in ann tús a chur ansan le hobair thogála ag an aerfort

Cuirfear síneadh le rúidbhealach an aerfoirt go 2200 méadar ar fhaid, agus leathnófar leis é go dtí 45 méadar, le go mbeidh eitleáin atá níos mó, ábalta úsáid a bhaint as.

Meastar go bhféadfadh eitiltí tráchtála filleadh ar an aerfort samhradh na bliana 2027, tar éis deich mbliana á gceal.

Dealbh Chernobyl

Nochtfar dealbh i gCorcaigh ar maidin inniu, i gcuimhne ar thubaiste núicléach Chernobyl, a tharla 40 bliain ó shin cothrom an lae seo.

Is fada Corcaigh luaite leis an bhfóirithint ar na daoine a d’fhulaing de dheasca na tubaiste i 1986, agus tacaíocht gur fiú breis agus €110 milliún tugtha ag an gcarthanacht Chernobyl Children International a bhunaigh Adi Roche.

Féilte

D’fhreastail suas le 575,000 duine ar na féilte éagsula a bhí ar súil i gCathair Chorcaí anuraidh, de réir figiúirí a cuireadh ar fáil don gComhairleoir Peter Horgan, ag cruinniú míosúil na Comhairle.

D’fhreastail suas le 185,000 duine ar an bhféile Corkmas.

Bhí suas le 49,000 duine ag Féile Lá le Pádraig, agus mheall an oíche chultúir 27,000 duine go dtí an chathair.

Thug 36,000 duine cuairt ar an gcathair do mharatón na bliana seo caite.

I measc na bhféilte eile a mheall na sluaite, bhí breis agus 80,000 duine ag an bhféile Cork Midsummer Festival agus thug 20,000 cuairt ar an chathair le linn Fhéile Scannánaíochta Idirnáisúnta Chorcaí.

"Easpa infheistíochta"

Tá infheistíocht chaipitil an Rialtais san Oirdheisceart, cáinte ag an dTeachta Dála Conor D McGuinness ón Rinn.

Ag labhairt sa Dáil, dúirt sé go raibh 8.9% de dhaonra na tíre ag maireachtaint san oirdheisceart, ach fós ná raibh ach 1.8% do chaiteachas caipitil an rialtais á fháil ag an réigiún.

Dúirt an Teachta McGuinness go mbíonn a lán cainte ag an rialtas maidir le tograí bóthair an N24, an N25, agus an N72 ach, dar leis, tá moill ar na tograí sin go léir.

Nemeton & Ollscoil an Oirdheiscirt

Déanfar ceiliúradh inniu i gceannáras an chomhlachta léirithe teilifíse Nemeton sa Rinn, ar fiche bliain den chomhpháirtíocht idir an comhlacht agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt.

Cuireadh tús i 2006 leis an Ard-Dioplóma sna hEalaíona i Léiriú Teilifíse agus na Meán, agus tá an cúrsa maoinithe ag Údarás na Gaeltachta.