Charles Ward

Is cuma leis an Rialtas faoi phobal Dhún na nGall, pobal atá tréigthe acu le blianta fada, a dúirt an Teachta Dála Charles Ward.

Ag labhairt dó sa Dáil aréir le linn rún mímhuiníne sa Rialtas, rún a bhain an Rialtas le 92 vóta in éadan 78 vóta, dúirt an Teachta Ward go bhfuil daoine i dtithe a bhfuil brící lochtacha iontu ag fanacht 14 bliana le cuidiú a fháil, gur theip ar dhá scéim cúitimh agus nach bhfuil airgead ag daoine i dtithe lochtacha leis na tithe sin a théamh.

Thug sé le fios gur toghadh é níos mó ná 17 mí ó shin le brú a chur ar an Rialtas cúiteamh 100% a thabhairt d'úinéirí tí ach deir sé nach bhfuil an Rialtas ag éisteacht.

Vótáil an Teachta Ward agus Teachtaí Dála Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn in éadan an Rialtais sa vóta muiníne agus thacaigh Teachtaí Dála Fhianna Fáil Pat the Cope Ó Gallachóir agus Charlie McConalogue leis an Rialtas.

Cúirt

Cuirfear fear as Dún na nGall ar a thriail sa Phríomhchúirt Choiriúil agus 75 cúis ghnéis curtha ina leith.

Bhí an fear, atá sna 60idí agus nach dtig a ainm a thabhairt ar chúiseanna dlí, os comhair Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn inné, áit ar bronnadh an leabhar fianaise air.

Triúr a rinne líomhaintí sa chás agus baineann na cúiseanna atá curtha i leith an fhir le hionsaithe gnéis, éigniú agus iarracht a dhéanamh duine a éigniú idir 1991 agus 2004.

Thug an Sáirsint Jim Collins le fios sa chúirt go dtug Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí cead an fear a chur ar a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.

Ceadaíodh bannaí don fhear ar an choinníoll go dtugann sé a phas do na Gardaí, go síníonn sé a ainm ag Stáisiún Gardaí sa chontae, nach ndéanann sé teagmháil le finné ar bith sa chás, go bhfanann sé ag seoladh a tugadh do na Gardaí agus gur féidir teagmháil a dhéanamh leis ar a ghuthán póca ag am ar bith.

Aonad Faoisimh

Níl suíomh aimsithe go fóill ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le hAonad Faoisimh do pháistí a thógáil i nDún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Dakota Nic Mheanman cé gur ceadaíodh maoiniú fána choinne i bPlean Caipitil na Feidhmeannachta do 2026.

Dúirt an Comhairleoir Dakota Nic Mheanman gur cheart Aonad Faoisimh do pháistí a thógáil ar shuíomh Otharlann Pobail úr Leifir os rud go bhfuil pleananna a ndearadh don Otharlann faoi láthair.

Dúirt an Comhairleoir Nic Mheanman nach bhfuil sé ceart go bhfuil na seirbhísí faoisimh á roinnt idir páistí agus daoine fásta achan dara seachtain faoi láthair agus go bhfuil sé práinneach aonad a chur ar fáil do pháistí amháin.

Scéimeanna Athchóirithe Fuinnimh

Tá an Comhairleoir Contae Jimmy Brogan ag iarraidh ar an Rialtas díriú níos mó ar scéimeanna athchóirithe fuinnimh tí le freastal ar riachtanais teaghlaigh i nDún na nGall.

Ag labhairt dó ag Cruinniú de Choiste Cheantar Bardais Dhún an nGall le gairid, dúirt sé go ndíríonn an polasaí náisiúnta go mór ar spriocanna aeráide ach nach bhfuil cuidiú go leor á thabhairt do phobail i gContaetha cosúil le Dún na nGall, áit a bhfuil ioncaim níos ísle agus bochtaineacht fuinnimh níos airde agus pobail na Contae ag brath níos mó ar ghual agus ar mhóin.

Caithfear níos mó cuidithe a thabhairt do phobail i gContae Dhún na nGall a dúirt sé.