Bealach Glas Uíbh Ráthaigh

Osclófar an tarna stráice de bhealach glas Uíbh Ráthaigh don bpobal ar a 2 a chlog inniu.

Stráice 4 chiliméadar atá i gceist, ó Ghleann Beithe go dtí Stáid an tSléibhe.

Osclaíodh stráice 3 chiliméadar sna Cealla roimh Nollaig, rud a fhágann go mbeidh an ceathrú cuid den mbealach glas ar oscailt inniu do dheireadh seachtaine na saoire bainc.

Tá sé i gceist go mbeidh 2 chiliméadar eile á n-oscailt fé thús an tsamhraidh.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, an Comhairleoir Michael Foley, go bhfuil ana-mholadh tugtha ag an bpobal don stráice a osclaíodh roimh Nollaig, agus ghabh sé buíochas leis na húinéirí talún áitiúla, leis an Roinn Iompair agus le Bonneagar Iompair Éireann.

Dúirt Cathaoirleach Cheantar Bardasach Neidín, an Comhairleoir Norma Moriarty, gur iontach an scéal é go bhfuil an méid sin den mbealach oscailte in am don gCáisc.

Tá clós páirceála i nGleann Beithe agus tugtar foláireamh don bpobal go n-áirítear "bóthar ciúin" sa chéad chuid den mbealach glas, 'sé sin, stráice bóthair phoiblí a bhíonn in úsáid ag gnáth-thrácht na bhfeithiclí agus ag lucht spaisteoireachta chomh maith.

FSS Cáinte

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iardheisceart cáinte go géar ag ionadaithe tofa i gCiarraí tar éis gur theip orthu Aonad Altrachta Pobail Chill Airne a oscailt i mí an Mhárta, fé mar a bhí geallta.

Deir an Comhairleoir Contae Jackie Healy Rae gur údar suaite agus imní é gur maíodh i bhfreagra a tugadh dó ag Fóram Sláinte an Iardheiscirt an tseachtain seo caite, go raibh an Fheidhmeannacht meáite i gcónaí ar an Aonad a oscailt fé Mháirt na seachtaine seo, an 31 Márta.

In agallamh d'Adhmhaidin inniu, dúirt Ard-Rúnaí Chumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach, Phil Ní Shéaghdha, nach bhfuil aon chainteanna tosnuithe fós le baill an Cheardchumainn, a bheidh le haistriú go dtí an tAonad Altrachta.

Más fíor an méid sin, deir an Comhairleoir Jackie Healy Rae gur léir, dar leis, nár tugadh iomlán na fírinne dos na hionadaithe poiblí ag an bhFóram Sláinte.

I ráiteas, dúirt an Teachta Dála Pa Daly, gur mithid na cainteanna a thosnú gan mhoill.

Eolas faoi iarratas pleanála

Tá scríte ag Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Chiarraí go dtí Clann Uí Chinnéide, úinéirí an South Pole Inn in Abhainn an Scáil, ag lorg a thuilleadh eolais orthu, maidir leis an iarratas pleanála atá déanta acu, gnéithe den bhforbairt atá déanta ar an bhfoirgneamh i gcaitheamh na mblianta, a choimeád.

San áireamh leis na forbairtí atá luaite san iarratas pleanála tá:

an deic adhmaid ar thaobh an Tigh Tabhairne, a tógadh in aimsir Chovid mar láthair lónadóireachta amuigh fén aer; póirse ar bhinn an tí a tógadh mar áit chun gal a chaitheamh;

seomra stórais agus bothán ar chúl an tí; comharthaí ar aghaidh an tí amach; agus bothán do bhád.

Tugtar le fios san iarratas pleanála gur tógadh an bothán mar dhídean do mhacasamhail an bháid James Caird, a bronnadh ar mhuintir Chinnéide le taispeáint ag an South Pole Inn.

Ba é an James Caird, an bád beag oscailte inar thriall Tom Crean agus buíon mairnéalach ar ghaisce farraige 800 muirmhíle, ag lorg tarrthála do chriú na loinge ‘Endurance’, a tugadh slán ar deireadh.

Tuigtear nár tugadh cead pleanála d’fhorbairtí a deineadh ar an dtigh tar éis na bliana 1994, agus go bhfuiltear á lorg anois i dtreo is go mbeifear in ann an Tigh Tábhairne a dhíol.

Fógraíodh an South Pole Inn ar díol anuraidh ar phraghas €450,000, agus cé go dtugtar le fios ar shuíomh idirlín an cheantálaí Ger Carmody go bhfuil an margadh déanta, níl aon eolas tugtha fé cé a cheannaigh é, ná cathain a bheidh sé á oscailt arís.

Is struchtúr atá fé chosaint é an South Pole Inn.

I litir na Comhairle Contae ag lorg a thuilleadh eolais fén iarratas pleanála, tugtar le fios go mbeidh orthu Saineolaí i gCaomhnú na hAiltireachta a fhostú chun Measúnú Tionchair Oidhreachta Ailtireachta a dhéanamh.

Díobháil Choiriúil á Fhiosrú

Tá na Gardaí i Maigh Chromtha i mbun fiosraithe maidir le díobháil choiriúil a deineadh do thigh cónaithe ar an mbaile sin arbhú aréir.

Cuireadh fios ar na Gardaí timpeall 11.50pm oíche Dé Máirt, an 31 Márta, go dtí tigh ag Ardán Radharc an Ghleanna Uachtarach sa Ghoirtín Rua, nuair a deineadh díobháil dos na fuinneoga ar urlár íochtarach an tí.

Tuairiscítear gur fear aonair a dhein an díobháil, agus gur fhág sé an áit i gcairt a raibh dath dorcha uirthi.

Deir na Gardaí go mba mhaith leo labhairt le daoine a bhí i gceantar an Ghoirtín Rua idir a 10pm agus 12.30am oíche Dé Máirt.

Táid ag lorg físeáin chomh maith, ó cheamaraí slándála nó ó cheamaraí cairte.