Agóidí breosla

Don tríú lá as a chéile tá comhlachtaí iompair as Dún na nGall ag déanamh a mbealach go Sligeach le bheith páirteach san agóid réigiúnach i gcoinne praghsanna breosla.

D'fhág busanna agus leoraithe Leitir Ceanainn maidin inniu ag 7:00 le taisteal go Sligeach le haird a dhíriú ar an chostas ard breosla agus a thionchar ar an earnáil.

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Micheál Martin, go gcaithfidh deireadh a chur leis na hagóidí i gcoinne praghsanna breosla, atá ag leanúint ar aghaidh don tríú lá inniu.

Ardú ar phraghas tithe

Tháinig ardú 4.12% ar luach theach cónaithe i nDún na nGall le bliain, de réir an eolais is deireanaí i dtuarascáil MyHome.ie a foilsíodh ar maidin.

€252,500 an meánchostas atá ar theach cónaithe sa chontae faoi láthair.

Bhí an méadú ba mhó sa tréimhse sin ar thithe leathscoite ceithre sheomra leapa, agus €295,000 an meánphraghas ar theach den chineál sin sa Chontae faoi láthair, de réir na tuairisce.

Bás de bhun thimpiste bóthair.

Ba í Sadia Hussain Afzal as an Phacastáin an bhean ina cuid daicheadaí a fuair bás mar gheall ar ghortaithe a bhain di i dtimpiste bóthair a tharla i Leitir Ceanainn Dé hAoine is chuaigh thart.

Tharla an timpiste ag Timpeallán an Staisiún, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn i dtrátha an 3pm Dé hAoine is chuaigh thart nuair a bhuail leoraí í agus í amuigh ag siúl.

Tugadh go hOtharlann Leitir Ceanainn í ach fuair sí bás Dé Domhnaigh dá bharr a gortaithe.

Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair le corp Sadia Hussain Afzal a aistriú na bhaile go dtí an Phacastáin lena hadhlacadh.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin timpiste teagmháil a dhéanamh leo.

An Craoslach

Beidh cruinniú inniu ag ionadaithe ó theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh leis an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan in Oifigí na Roinne i mBaile Átha Cliath.

Cuirfear tús leis an chruinniú ag an mheán lae inniu.

Deir na teaghlaigh go bhfuil siad go fóill ag fanacht le freagraí faoi chúis na tragóide inár maraíodh deichniúr, agus go bhfuil siad ag iarraidh go gcuirfí fiosrúchán poiblí ar bun faoin phléasc.

Maraíodh deichniúr sa phléasc an 7 Deireadh Fómhair 2022.

An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta

Dhéanfaidh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Canning, an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu.

Beidh imeachtaí ar siúl sa Chontae mar pháirt de Sheachtain um Chuimsiú Sóisialta ón lá inniu go dtí an Aoine seo chugainn an 17 Aibreán.

Dúirt an Comhairleor Canning go dtugann na hócáidí a bheidh á reáchtáil i rith na seachtaine seo deis aird a dhíriú ar na himeachtaí atá a reáchtáil ag daoine sa chontae ina mbíonn gach duine páirteach.

Dúshlán teanga sa tithíocht

Dúirt Niall Ó Ceallaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Iardheisceart Dhún na nGall go mbeidh sé deacair an sprioc 85% de chainteoirí Gaeilge a bhaint amach i scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht.

De réir Phlean Forbartha na Contae, caithfidh Gaeilge a bheith ag 85% de na daoine a bheidh ina gcónaí i Scéimeanna Tithíochta Príobháideacha agus Sóisialta sa Ghaeltacht feasta.

Dúirt sé nach bhfuil go leor comhairle agus treoir á bhfáil acu ón Chomhairle Contae ar dhóigheanna leis an choinníoll teanga a chur i bhfeidhm.

Measann Niall Ó Ceallaigh gur cheart an sprioc 85% atá leagtha síos a úsáid thar thréimhse ama agus athbhreithniú a dhéanamh ar staid na Gaeilge sa cheantar i ndiaidh 5 nó 7 mbliana, ag brath ar na limistéir pleanála teanga.

Seirbhís lastais throim.

Cuireadh tús an tseachtain seo leis an tseirbhís úr lastais throm ón tír mór go dtí na hOileáin Bheaga.

Den chéad uair riamh tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta do Chomharchumann na nOileán Beag leis an tseirbhís úr lastais throm a reáchtáil.

Is conradh bliana atá i gceist agus cuirfear 8 gcinn do sheoltaí ar fáil d'Inis Bó Finne, Gabhla, Inis Oirthear, Inis Caorach, Inis Mhic an Doirn agus Inis Fraoigh.

Dúirt Bridget Nic Gairbheith, Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag, go bhfuil roinnt mhaith obair thógála ar bun ar na hoileáin bheaga faoi láthair agus go leor tithe á dtógáil agus á gcóiriú faoi scéim Croí Cónaithe.

Dúirt sí go mbeidh measúnú á dhéanamh ar an éileamh atá ar an tseirbhís agus súil acu cur leis amach anseo.